Thosaigh Brian leis an Roinn Coimirce Sóisialaí in 2019 agus ceapadh é mar phríomhoifigeach le freagracht oibríochtúil as an Liúntas Míchumais, as an bPinsean Easláine, as an Sochar Cumais Pháirtigh agus as an Sochar Míthreorach. Bhí freagracht oibríochtúil aige freisin as na scéimeanna Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta.
Sular thosaigh sé leis an roinn, d'oibrigh Brian san earnáil phríobháideach le breis agus 30 bliain i raon leathan ról sna hearnálacha pinsin, infheistíochta agus comhairleoireachta airgeadais, ag obair le gnólachtaí dúchasacha Éireannacha agus le gnólachtaí móra idirnáisiúnta.