Dara Calleary
Ó An Roinn Coimirce Sóisialai; An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Coimirce Sóisialai; An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Dara Calleary an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Ceapadh chuig na róil sin é an 23 Eanáir 2025. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Stáit um Chur Chun Cinn Trádála, Digiteach agus Rialáil Cuideachta sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
As Béal an Átha ó dhúchas, tá Dara Calleary ina Theachta Dála do Mhaigh Eo ó toghadh é den chéad uair in Olltoghchán 2007.
Roimhe sin bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le freagracht as Gnóthaí Saothair ó 2009-2011 agus ina Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Airgeadais le freagracht as Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí ó 2009-2011. D’fhóin sé mar Aire Talmhaíochta agus mar Phríomh-Aoire an Rialtais in 2020.
D’fhóin Dara mar Leas-Cheannaire ar Fhianna Fáil ó 2018-2020 agus d’fhóin sé freisin mar Urlabhraí ar Cheartas, Poist, Fiontraíocht agus Nuálaíocht, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus punann Coimirce Sóisialaí.
Sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht bhí baint ag Dara leis na hearnálacha baincéireachta agus gnó. Rinne Dara staidéar ar Ghnó agus ar Pholaitíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus d’fhreastail sé ar Choláiste Naomh Muredach, Béal an Átha agus ar Scoil Náisiúnta Naomh Oilibhéar Pluincéad.