Cháiligh David O’Connor ina ailtire agus chuaigh i mbun na hoibre sin ar feadh 27 bliana i gcleachtas príobháideach agus i rialtas áitiúil, ceapadh i bpost Ailtire Contae Fhine Gall é sa bhliain 1995 nó gur ceapadh chuig post bainistithe sinsearach údaráis áitiúil é i gceannas ar Phleanáil agus Forbairt sa bhliain 2003.
Ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Fhine Gall é don tréimhse 2006 go dtí 2013 tráth ar chuidigh sé leasú struchtúrach a éascú, ag díriú ar chomhsheirbhísí a bhíonn ag déileáil leis an gcustaiméir, pleanáil straitéiseach chun leas a bhaint as acmhainn na Comhairle don todhchaí, agus chun laghdú i gcostas a bhrú chun cinn fad ar tugadh aghaidh ar an ngéarchéim eacnamaíochta.
Ina dhiaidh sin chaith David bliain ina stiúrthóir ar an oifig tiomanta don tionscnamh a dtugtar Atógáil Éireann air a sheachadadh.
Tá sé ina chomhairleoir straitéiseach i láthair na huaire agus é ag cur seirbhísí ar fáil do chliantchomhlachtaí éagsúla. Ghníomhaigh sé mar chuid den Ghrúpa Athbhreithnithe ar fheidhmiú rialtais an tionscnaimh Forbairt Tithíochta Straitéisí agus bíonn comhlachtaí poiblí ag lorg a chuid comhairle ar cheapacháin agus measúnuithe a bhaineann le forbraíochtaí a bhíonn le déanamh acu.