Hildegarde Naughton
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Hildegarde Naughton ina hAire Stáit ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais le freagracht as Míchumas. Ceapadh sa ról seo í i mí Eanáir 2025.
Roimhe sin bhí sí ina hAire Stáit ag Roinn an Taoisigh le freagracht speisialta mar Phríomh-Aoire an Rialtais; agus an Roinn Oideachais le freagracht speisialta as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú.
Toghadh Hildegarde mar ionadaí do thoghcheantar na Gaillimhe Thiar in olltoghchán 2020. D’fhóin sí ar roinnt coistí Oireachtais lena n-áirítear Todhchaí an Chúraim Sláinte, agus Iniúchadh Buiséid. Ceapadh í ina cathaoirleach ar an gcoiste Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil in 2016.
Múinteoir bunscoile a bhí in Hildegarde agus toghadh í ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in 2009. Bhí sí ina méara ar an gcathair in 2011/2012.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Naughton ag disabilitymos@equality.gov.ie