Tá céim BA, Ard-Dioplóma i mBainistíocht agus céim MSc (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) ag an Uas. Kenny agus is iar-Choimisinéir Cúnta den Gharda Síochána é. Tá taithí fhairsing aige ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar riar an cheartais. I láthair na huaire, tá sé ar an gCathaoirleach ar Victim Support at Court (V-SAC). Chomh maith leis sin, tá sé ar an gCathaoirleach ar na foirne seo a leanas in CORU: an Fhoireann Oideachais agus Oiliúna; agus an Fhoireann Athbhreithnithe.