Is é Des Carville ceann an Aonaid Bainistíochta Scairshealbhóirí agus tá sé freagrach as athstruchtúrú an chórais baincéireachta a thabhairt chun críche agus scairshealbhóireacht an Stáit sna bainc a bhainistiú.
Bhí sé ag obair roimhe seo do Davy Corporate Finance agus KPMG. Is comhalta é de Chuntasóirí Cairte na hÉireann (FCA) agus d’Institiúid na mBaincéirí.