Heather Humphreys
Ó An Roinn Coimirce Sóisialai; An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Coimirce Sóisialai; An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is í Heather Humphreys an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail.
D’oibrigh sí roimhe sin le Banc Uladh agus sular toghadh chun Dáil Éireann í bhí sí ina Bainisteoir ar Chomhar Creidmheasa Mhuinchille.
Ina hAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta di threoraigh sí an Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 ar éirigh go maith leis agus le linn a tréimhse ina hAire le freagracht as gnóthaí tuaithe, sheol sí an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
Ina hAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta di bhí ról ceannasach ag Heather i bhfreagairt an Rialtais i leith na héigeandála COVID-19 nach bhfacthas riamh cheana.
Sular toghadh ina hAire Rialtais í bhí sí ina comhalta de Chomhchoiste an Oireachtais ar Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú.
Maidir le hábhair a bhaineann le Coimirce Sóisialaí, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Aire Humphreys ag minister@welfare.ie
Maidir le hábhair a bhaineann le Forbairt Tuaithe agus Pobail, is é ministerdrcd@drcd.gov.ie an seoladh cuí.