Is í Helen McEntee an tAire Oideachais agus Óige. Ceapadh sa ról seo í an 23 Eanáir 2025.
Roimhe sin, bhí sí ina hAire Dlí agus Cirt ó mhí an Mheithimh 2020.
Toghadh Helen do Dháil Éireann i bhfothoghchán i mí an Mhárta 2013, agus atoghadh í in olltoghchán Feabhra 2016. Cheap an Taoiseach Enda Kenny an Teachta McEntee le bheith ina Aire Sláinte Meabhrach agus Daoine Scothaosta sa Roinn Sláinte i mBealtaine 2016 mar chuid den Rialtas Comhpháirtíochta nua.
I mí an Mheithimh 2017, mar chuid d’athshocrú rialtais a rinne an Taoiseach nuacheaptha Leo Varadkar, tugadh ardú céime don Aire McEntee go post an Aire Stáit do Ghnóthaí an AE.
D’fhóin sí roimhe seo ar Choiste an Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, agus bhí sí ina ball freisin den Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Uas. Nic an tSaoi ag helen.mcentee@oireachtas.ie