Is Príomh-Eolaí Leighis (sa Téachtadh / san Haemaiteolaíocht) í Irene Regan le Children’s Health Ireland ag Cromghlinn (an OLCHC roimhe seo) i mBaile Átha Cliath, Éire, a ina n-óstlaítear an t-ionad Péidiatraice Náisiúnta um an haemaiteolaíocht/oinceolaíocht agus neamhoird haemostatacha, post a bhí aici ó 2005.
Is Comhalta Taighde Cliniciúil í le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus leis an Ionad Náisiúnta um Thaighde Leanaí i gCromghlinn. Is léachtóir cuairte í ar chlár an MSc san Eolaíocht Saotharlainne Cliniciúla in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin agus tá a téarma díreach tar éis teacht chun deiridh aici mar scrúdaitheoir seachtrach ar an BSc san Eolaíocht Bhithleighis.
Is ball í de chuid an Acadaimh Eolaíochta Cliniciúla agus Leigheas Saotharlainne (FACSLM) agus de chuid an Royal College of Pathologists UK sa Ríocht Aontaithe (FRCPath), agus ceapadh í mar chomhairleoir tíre don Choláiste Ríoga sin in 2015. Is Eolaí Cliniciúil cláraithe í leis an Health Care Professions Council (HCPC) sa Ríocht Aontaithe.
Bhí Irene Regan ina hUachtarán (2014-2018) ar Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne (ACSLM), an comhlacht gairmiúil agus an t-údarás inniúil roimhe seo d’eolaithe leighis in Éirinn.
Faoi láthair, tá sí ina ball ar go leor coistí stiúrtha agus grúpaí oibre lena n-áirítear Clár Cliniciúil an FSS ar an bPaiteolaíocht, an Comhaltas Náisiúnta um Thaighde ar Cháilíocht agus ar Shábháilteacht Othar, Grúpa Comhairleach HSCP an FSS, an Grúpa Saineolaithe HSCP Péidiatraice, an Grúpa Athbhreithnithe um Treoirlíne Luathrabhaidh Náisiúnta (NEWS) agus Tionscadal Comhtháithe Náisiúnta um Raon Tagartha.
Cheap an tAire Sláinte í ar Bhord Clárúcháin Eolaithe Leighis le CORU in 2016 agus ar Chomhairle CORU níos déanaí, in 2019.
Bhí baint aici le tionscadail thar lear lena n-áirítear LabSkills Africa áit a raibh sí ina Ceannaire ar an Tansáin i dtionscadal meantóireachta comhoibritheach i gcomhar le RCPath UK.
Tá baint ghníomhach aici leis an taighde chomhoibritheach. I measc na spéiseanna taighde atá aici, tá an haemaiteolaíocht anailíseach, an téachtadh agus an diagnóisic saotharlainne agus an t-oideachas saotharlainne san haemaiteolaíocht.
Rinne sí maoirseacht ar go leor mac léinn fochéime agus iarchéime ag leibhéal BSc, MSc, MD, MCh agus MBA.