Ard-Rúnaí na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Tá Ard-Rúnaí na Roinne freagrach as na cúraimí a leanas:
• gnó na Roinne i gcoitinne a bhainistiú
• beartais Rialtais atá oiriúnach don Roinn a chur i bhfeidhm
• monatóireacht a dhéanamh ar bheartais an Rialtais a mbíonn tionchar acu ar an Roinn
• aschuir a sheachadadh de réir mar a chinnfidh an tAire
• comhairle beartais a chur ar fáil don Aire maidir le gach ábhar atá faoi shainchúram na Roinne
• Ráitis Straitéise a ullmhú lena gcur faoi bhráid an Aire
• tuarascálacha ar dhul chun cinn a chur ar fáil don Aire maidir le cur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise
• úsáid chuí acmhainní agus soláthar seirbhísí poiblí atá éifeachtach ó thaobh costais de a chinntiú
• breac-chuntas a ullmhú ar an gcaoi a sannfar freagrachtaí sonracha d'oifigigh eile sa Roinn
• bainistiú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, smacht agus dífhostú státseirbhíseach faoi bhun ghrád an Phríomhoifigigh nó a chomhionann