Is é Niall Egan an tArd-Rúnaí Cúnta le freagracht as an bhfeidhm airgeadais a threorú sa roinn.
Tá freagracht aige freisin as foirne Sheirbhísí Reachtaíochta agus Corparáideacha na Roinne (lena n-áirítear pleanáil straitéiseach agus bainistíocht riosca), as Beartas an Mhargaidh Saothair, as Éirim Ghnó agus as Aonad Cumarsáide na Roinne go léir a threorú.
Bhí roinnt post ag Niall roimhe seo sa roinn i gcúrsaí beartais agus i gcúrsaí corparáideacha. D'oibrigh sé i roinnt ranna rialtais éagsúla.