Ossian Smyth
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ; Oifig um Sholáthar Rialtais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ; Oifig um Sholáthar Rialtais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Ossian Smyth ina Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht speisialta as Soláthar Poiblí agus ríomh-Rialtas; agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le freagracht speisialta as Cumarsáid agus Geilleagar Ciorclach. Ceapadh chuig na róil sin é i mí Iúil 2020.
Tá sé ina Theachta Dála do dháilcheantar Dhún Laoghaire ó bhí olltoghchán 2020 ann.
Tar éis toghcháin áitiúla na hÉireann 2014, toghadh Smyth chuig Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin do thoghcheantar áitiúil Dhún Laoghaire. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ó 2018 go 2019.
Tá Baitsiléir Ealaíon san Eolaíocht Ríomhaireachta ag Smyth ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal Smyth ag ossian.smyth@oireachtas.ie