Paschal Donohoe
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Paschal Donohoe an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Mar Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe an PFN, tá Paschal freagrach as caiteachas poiblí dea-bhainistithe agus spriocdhírithe a sheachadadh, trí sheirbhísí poiblí atá nuachóirithe, éifeachtach agus cuntasach. Déanann an Roinn maoirsiú ar chur i bhfeidhm an Phlean Forbartha Náisiúnta, tiomáineann sí clár athchóirithe na seirbhíse poiblí, agus tá príomhról aici i gcinntí a dhéantar ar fud an Rialtais.
Toghadh an tAire Donohoe ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro an 9 Iúil 2020. Thosaigh a théarma dhá bhliain go leith ar an 13 Iúil 2020.
Ó Meitheamh 2017 - Nollaig 2022, bhí sé ina Aire Airgeadais.
Ó Bhealtaine 2016 - Meitheamh 2020, bhí sé ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus ó Iúil 2014 - Bealtaine 2016, mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Bhí post aige freisin mar Aire Gnóthaí Eorpacha ag Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ó Iúil 2013 - Iúil 2014.
Toghadh an tAire Donohoe mar TD den chéad uair i mí Feabhra 2011 do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Roimhe seo bhí sé ina bhall de Sheanad Éireann, ó 2007 - 2011. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 2004 - 2007 freisin.
Roimhe sin bhí sé ina Chathaoirleach ar Fhochoiste Oireachtais Todhchaí na hÉireann san Eoraip, agus ina bhall den Choiste um Chuntais Phoiblí. D’fhóin sé freisin mar Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Eorpacha agus, mar Sheanadóir, d’fhóin sé mar chomhalta den Chomhchoiste Oireachtais um Iompar.
Le linn a thréimhse mar bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, d’fhóin sé mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Beartais Straitéiseacha Comhshaoil & Innealtóireachta, mar bhall den Ghrúpa Beartais Chorparáidigh agus freisin mar Chathaoirleach ar an Lárchoiste Ceantair.
Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é an tAire Donohoe, le céim sa Pholaitíocht agus san Eacnamaíocht agus d’fhreastail sé ar CBS St. Declan.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Donohoe ag paschal.donohoe@oireachtas.ie