Is Ollamh Comhlach le hEacnamaíocht é Ronan Lyons i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ina Stiúrthóir ar Thaighde na Tríonóide sna hEolaíochtaí Sóisialta freisin.
Díríonn sé lena chuid taighde ar mhargaí tithíochta, geilleagair uirbeacha agus ar stair eacnamaíochta agus bhí a dhochtúireacht in Oxford dírithe ar bhorradh agus ar chliseadh mhargadh tithíochta na hÉireann i dtús an 21ú céad.
Tá a chuid taighde acadúil foilsithe i bpríomhirisleabhair phiarmheasúnaithe amhail The Journal of Real Estate Finance & Economics, The Journal of Housing Economics, Energy Economics, agus Regional Science & Urban Economics.
Tá sé ina shainchomhairleoir ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le praghsanna réadmhaoin cónaithe, agus bhíonn sé ina rannpháirtí go minic sna meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cúrsaí tithíochta in Éirinn mar aon leis an ngeilleagar níos leithne agus is é údar Daft.ie Reports ar mhargadh tithíochta na hÉireann a fhoilsítear uair sa ráithe.