Tá Seán Fleming ina Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le freagracht speisialta as Forbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra. Ceapadh sa ról seo é i mí na Nollag 2022.
Toghadh Seán mar ionadaí do thoghcheantar Laoise-Uíbh Fhailí in Olltoghchán 2020, tar éis dó a bheith tofa chun na Dála den chéad uair i 1997.
Toghadh mar bhall de Chomhairle Chontae Laoise é freisin i 1999 agus d’fhóin sé sa ról ar feadh níos mó ná 4 bliana. Cuntasóir a fuair oideachas sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, d’fhóin Seán ar Choiste Cuntas Poiblí na Dála. Bhí sé ina bhall freisin den Choiste Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus ina urlabhraí de chuid Fhianna Fáil ar Chaiteachas Poiblí agus Athchóiriú.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal Fleming ag sean.fleming@oireachtas.ie