Tá Sorcha ina hArd-Rúnaí ar Housing Europe, an Cónaidhm Eorpach um Thithíocht Phoiblí, Comharthithíochta agus Tithíocht Shóisialta, ón mbliain 2014.
Tugann Housing Europe soláthróirí tithíochta poiblí, comharthithíochta agus tithíochta sóisialta ó ar fud na hEorpa le chéile. Tá fís i gcomhar acu i leith na hEorpa, fís a chuireann rochtain ar thithíocht chuibheasach agus inacmhainne ar fáil do gach uile phobal, tithíocht atá inbhuanaithe go sóisialta, ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de agus ina bhfuil gach duine cumasaithe a lánacmhainneacht a bhaint amach. Tá 25 milliún áit chónaithe á mbainistiú san earnáil a chuireann os cionn 200,000 áit chónaithe nua agus athchóiriú tí nua ar fáil gach bliain.
Is í Sorcha a bhíonn i mbun an fhoireann a stiúradh agus a dhéanann an líonra a chomhordú chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach dírithe ar rialú níos fearr, eolas níos fear agus maoiniú níos fearr i gcomhair tithíochta. Faoi cheannaireacht Shorcha is pointe tagartha é Housing Europe maidir le córais tithíochta inbhuanaithe san Eoraip agus níos faide i gcéin.