Leithdháileadh Cúntóirí Riachtanas Speisialta 2023/24
Foilsithe
An chéad chiorclán eile: 0049/2024
Foilsithe
An chéad chiorclán eile: 0049/2024
Sector: Primary, Post Primary, SNA
Author: Special Educational Needs (SEN)
Beidh na socruithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le leithdháileadh tacaíochta CRS i gcás daltaí i ranganna príomhshrutha do 2023/24:
a) Is iad na leithdháiltí CRS do ranganna príomhshrutha i scoileanna ar an 31 Bealtaine 2023 an leithdháileadh tosaigh don scoilbhliain 2023/24. Mar sin féin, i gcás go sainaithníonn scoil go bhfuil ardú suntasach tagtha ar riachtanais chúraim, is féidir acmhainní breise a sholáthar chun tacú leis an scoil, tar éis don scoil dul i mbun plé leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS). Soláthróidh sé sin soiléireacht níos mó do scoileanna i dtaca le pleanáil acmhainní don scoilbhliain 2023/24.
b) Tá próiseas i bhfeidhm trínar féidir le scoileanna, má mheasann siad go bhfuil a leithdháileadh CRS níos mó ná na riachtanais chúraim atá de dhíth, dul i mbun plé leis an CNOS. Ba cheart do scoileanna dul i dteagmháil lena nEagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO) áitiúil de chuid an CNOS chun tús a chur leis an bpróiseas.
c) Fanfaidh an próiseas athbhreithnithe eisceachtúil arna chur i gcrích ag an CNOS i bhfeidhm le linn scoilbhliain 2023/24. Mar chuid de sin, féadfaidh scoileanna athbhreithniú a lorg ar a leithdháiltí CRS a mbeidh ceann de na torthaí seo a leanas air.
i. Gan aon athrú ar an leibhéal riachtanais cúraim a sainaithníodh (agus gan aon athrú ar an leithdháileadh CRS mar thoradh air sin);
ii. Méadú ar an leibhéal riachtanais cúraim a sainaithníodh (a mbeadh méadú ar leithdháiltí CRS na scoile mar thoradh air dá mbeadh sé suntasach);
iii. Laghdú ar an leibhéal riachtanais cúraim a sainaithníodh sa scoil (a mbeadh laghdú ar leibhéal leithdháiltí CRS mar thoradh air dá mbeadh sé suntasach mar go bhféadfaí tacú go hoiriúnach le riachtanais chúraim na leanaí le níos lú acmhainní ná mar atá leithdháilte faoi láthair). Déanfar an leithdháileadh CRS a choigeartú ag deireadh na scoilbhliana ábhartha.
iv. Tabharfaidh an CNOS faoi chlár leanúnach d’athbhreithnithe spriocdhírithe ar leithdháiltí CRS príomhshrutha atá straitéiseach de réir cineáil agus a chinntíonn go ndéantar CRSanna a leithdháileadh ar scoileanna ina bhfuil na scoláirí a bhfuil an leibhéal is airde de riachtanais shuntasacha chúraim acu. Eiseoidh an CNOS sonraí iomlána faoin bpróiseas chuig na scoileanna go léir ag tús scoilbhliain 2023/24.
Foilseoidh an NCSE leithdháiltí ar a shuíomh Gréasáin www.ncse.ie
Ciorclán Nua foilsithe
Eisíodh ciorclán nua 0018/2023 chuig scoileanna a chlúdaíonn leithdháileadh CRSanna do 2023/24. Imlíníonn an ciorclán:
• Socrú do leithdháileadh CRSanna príomhshrutha don scoilbhliain 2023/24.
• Próiseas athbhreithnithe eisceachtúil do leithdháiltí príomhshrutha CRS
Cuirfidh an NCSE tús le cumarsáid le scoileanna maidir leis na leithdháiltí ar sheachtain 2 Bealtaine 2023. Nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe, foilseofar na leithdháiltí ar shuíomh Gréasáin an NCSE.