Is í aidhm na himlitreach seo na forálacha a rialaíonn feidhmiú na Scéime Aisíoctha Táillí Múinteoirí a leagan amach i gcomhair údaráis bhainistíochta scoileanna, príomhoidí agus múinteoirí.
Is é an cuspóir atá ag an Scéim Aisíoctha Táillí Múinteoirí maoiniú a chur ar fáil i dtreo costas rannpháirtíochta i gcúrsaí agus táillí scrúdaithe, tar éis dóibh cúrsaí forbairt ghairmiúil a chríochnú go sásúil. Tá an maoiniú ann do chúrsaí atá bainte go díreach le scoileanna agus chun a leasa agus atá faoi réir deimhniúcháin / dámhachtana ó údarás creidiúnaithe cuí a n-aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) é.
Earnáil: Bunoideachas, Iarbhunoideachas
Údar: Leithdháileadh Múinteoirí