Ciorclán 002 /2024: Athbhreithniú ar Phá d’Earnáil an Ardoideachais le héifeacht ón 1 Eanáir 2024
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
Éifeachtach ó
An chéad chiorclán eile: 003/2024
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
Éifeachtach ó
An chéad chiorclán eile: 003/2024
Ciorclán 002 /2024: Athbhreithniú ar Phá d’Earnáil an Ardoideachais le héifeacht ón Meitheamh 2024
Circular 002/2024: Revision of Pay in the Higher Education Sector with effect from June 2024
With effect from 1 June 2024
Chuig: Ollscoileanna Teicneolaíochta, Institiúidí Teicneolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Acadamh Ríoga na hÉireann, Coláiste Oideachais Mhuire gan Smál, an Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha agus Coláiste San Aingeal.
Is mian leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta na hInstitiúidí Ardoideachais a chur ar an eolas faoi rátaí athbhreithnithe tuarastail agus liúntas le haghaidh baill foirne shonracha le héifeacht ón 1 Meitheamh 2024 i gcomhréir le "Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2024-2026".
Ba cheart na coigeartuithe pá a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, ón 1 Meitheamh 2024.
Leagtar amach scálaí tuarastail athbhreithnithe le héifeacht ón 1 Meitheamh 2024 in Aguisín 1 atá i gceangal leis seo.
Leagtar amach sa chiorclán seo méaduithe pá atá dlite an 1 Meitheamh 2024 dá bhforáiltear faoi ‘Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2024-2026’. (Tá na rátaí seo leagtha amach sna hAguisíní atá i gceangal leis seo)
Ba cheart na coigeartuithe a shlánú go dtí an euro is gaire ar scálaí pá bliantúla agus go dtí an cent is gaire ar na scálaí pá seachtainiúla. Ba chóir rátaí in aghaidh na huaire a shlánú go dtí an €0.01 is gaire.
Chun amhras a sheachaint, ba cheart d’Institiúidí Ardoideachais a bheith soiléir go bhfuil feidhm ag na rátaí pá athbhreithnithe a leagtar amach anseo maidir leis an bhfoireann ábhartha uile in institiúidí ardoideachais, lena n-áirítear foireann a íoctar in aghaidh na huaire, faoi ‘Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2024-2026’.
I gcomhréir le roinn 3.1 den Chomhaontú athbhreithnithe, méadófar méid bliantúlaithe an bhuntuarastail faoi 2.25% nó €1,125, cibé acu is mó, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2024.
Ba cheart íocaíocht i leith ragoibre arna thabhairt an 1 Meitheamh 2024 nó dá éis ag baill de ghráid lena mbaineann an ciorclán seo a ríomh faoi threoir na rátaí pá athbhreithnithe le héifeacht ón 1 Meitheamh 2024.
Ba cheart préimhrátaí pá is iníoctha i leith an 1 Meitheamh 2024 nó ina dhiaidh sin a ríomhtar mar chéatadán sonrach nó mar chion sonraithe den bhuntuarastal a ríomh trí thagairt a dhéanamh do na rátaí pá athbhreithnithe le héifeacht ón 1 Meitheamh 2024.
Déanfar liúntais i bhfoirm pá lena mbaineann an ciorclán seo a mhéadú 1% ón 1 Meitheamh 2024.
Ba cheart lamháltais a ríomhtar mar chéatadán sonrach nó mar chuid shonraithe den bhunphá a ríomh faoi threoir na rátaí pá athbhreithnithe le héifeacht ón 1 Meitheamh 2024.
Comhaontaíodh prionsabal na paireachta pá i méaduithe pinsin le haghaidh scéimeanna atá ann cheana go dtí deireadh an 30 Meitheamh 2026, i gcomhréir le Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2024-2026. Ba cheart méaduithe ar phinsin a chur ar aghaidh de réir an bheartais sin.
Déantar pinsin na Scéime Pinsean Seirbhíse Poiblí Aonair (‘Scéim Aonair’) a mhéadú de réir an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí (CPI), faoi réir treoracha ar leith ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Dá bhrí sin, ní dhéanfar pinsin Scéime Aonair in íocaíocht i leith iarsheirbhísigh phoiblí a
d’fhóin i ngráid lena mbaineann an ciorclán seo a choigeartú faoi threoir na nathbhreithnithe ar an mbunphá a leagtar amach i Roinn 3.
Tá tuilleadh eolais d’údaráis phinsin maidir le conas na riaráistí seo a chur i bhfeidhm le fáil i gcuid 7 de Chiorclán Seachadta agus Athchóirithe na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 04/2024 agus ba chóir aon fhiosruithe a thagann chun cinn a chur díreach chuig pensions@per.gov.ie .
Cinntigh go gcuirfear ábhar an Chiorcláin seo in iúl do gach ball foirne ábhartha i d’fhostaíocht, lena n-áirítear iad siúd atá ar saoire neamhláithreachta.
Ba cheart aon cheisteanna nó fiosruithe maidir leis an gCiorclán seo a chur ar aghaidh trí ríomhphost chuig ESR_HEI@dfheris.gov.ie nó, i gcás inarb infheidhme, a ardú le hAonaid Acmhainní Daonna áitiúla.
Tá an ciorclán seo ar fáil freisin ag gov.ie/circulars .
Andrew Conlon
Príomhoifigeach
Caidreamh Foirne Seachtrach
Aibreán 2024