Torthaí Sealadacha na nGrád Ríofa don Ardteistiméireacht, do Ghairmchlár na hArdteistiméireachta agus don Ardteistiméireacht Feidhmeach 2020
Foilsithe
Éifeachtach ó
Éifeachtach do
Foilsithe
Éifeachtach ó
Éifeachtach do
Beidh scoláirí Ardteistiméireachta agus scoláirí Ardteistiméireachta Feidhmí (ATF) in ann rochtain a fháil ar a gcuid torthaí ar líne ar Thairseach na nGrád Ríofa do scoláirí óna 9. am ar an Luan 7 Meán Fómhair.
Seachas i gcás ATF Bliain 2, ní dhéanfar ráiteas aonair ar thorthaí sealadacha a phostáil chuig scoileanna i mbliana. Beidh scoláirí Ardteistiméireachta in ann cóip den ráiteas ar a gcuid torthaí a phriontáil ón tairseach.
Féadfaidh scoláirí ATF Bliain 2 rochtain a fháil ar a dtorthaí seisiún 4 agus a dtorthaí foriomlána cláir trí Thairseach na Scoláirí. Beidh ráitis deireadh cláir individiúla de thorthaí sealadacha, ag léiriú a gcuid creidiúintí carnach agus torthaí le haghaidh na 4 sheisiúin, iniata. Ní bheidh sé ar chumas scoláirí ATF a gcuid torthaí a phriontáil amach mar sin ba cheart iad seo a chur ar fáil do scoláirí a luaithe agus is féidir.
Nóta: Cuirfear torthaí le haghaidh scoláirí ATF Bliain 1 ar fáil ag dáta éigin amach anseo. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil in am tráth.
I mbliana, cuirfear tuairiscí ar thorthaí Ardteistiméireachta (seachas an ATF) ar fáil do scoileanna trí ríomhchlár Ghráid Ríofa na hArdteistiméireachta ar thairseach Esinet ag baint úsáide as dintiúir an Cheadaitheora um logáil isteach a úsáideadh le linnn phróisis Bailithe Sonraí.Tabharfar rogha do scoileanna trí Ríomhchlár na nGrád Ríofa iad seo a leanas a íoslódáil:
Beidh liosta de na scoláirí go léir, a gcuid ábhar, leibhéal agus grád ríofa sa PDF seo. Beidh eochair eolais ar an leathanach deiridh den tuairisc a mhíníonn cóid na n-ábhar, leibhéal, agus teorainneacha an ghrádaithe.
Beidh an comhad maitríse ar fáil i bhformáid CSV ar féidir é a iomportáil isteach i bhformaid eile.
Tuairiscí Maitríse Cóip Chrua
Tá tuairiscí maitríse aonair le haghaidh torthaí scoláirí Ardteistiméireachta agus scoláirí Ardteistiméireachta Feidhmí, más cuí, iniata.
Tá an tuairisc maitríse ATF ar fáil i gcóip chrua amháin. Níl sé ar fáil trí Esinet. Féach Mír 6 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí ar thorthaí le haghaidh scoláirí ATF.
Féadfaidh tú tuairiscí forlíontacha a fháil, mar seo a leanas, i do phostas:
Eacnamaíocht Bhaile
Rinneadh ábhair uile na hArdteistiméireachta a ghrádú ar an marc measta a táirgeadh i ndiaidh an phróisis caighdeánaithe agus air sin amháin, ach amháin i gcás na hEacnamaíochta Baile.
Cuireadh Dialanna d’Obair Chúrsa na hEacnamaíochta Baile ar aghaidh chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) níos luaithe i 2020 agus rinne scrúdaitheoirí seachtracha CSS iad a mharcáil. Chuir CSS na marcanna ar fáil don Roinn Oideachais agus Scileanna chun iad a chumasc leis an marc ríofa don pháipéar scríofa chun grád foriomlán a chinneadh. Is ann do thuairisc fhorlíontach sa chás nár chuir an scoláire isteach an obair chúrsa. I gcásanna den chineál sin, is ar an marc ríofa agus air sin amháin atá an grád bunaithe.
Níor Bronnadh Aon Ghrád
Tá dhá chás ann nuair nach mbeidh grád ar mhaitrís na Scoile.
i. Nuair a chuir an scoil marc measta ar fáil in ábhar ar son scoláire, ach nár chláraigh an scoláire ar Thairseach na Scoláirí nó nár ghlac sé nó sí leis an rogha gráid ríofa a fháil nó nuair a roghnaigh an scoláire gan a bheith páirteach i bpróiseas na nGrád Ríofa don ábhar/do na hábhair sin.
ii. Nuair nach bhféadfadh Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa grád ríofa a chur ar fáil mar nárbh fhéidir teacht ar fhianaise shásúil ó fhoinse chuí chun marc measta a bhunú uirthi, scoláirí a bhí ag déanamh staidéir ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh den scoil ( Tugann Foirm D tuairisc ar scoláire a bhí ag staidéar go neamhspléach)
Cuirtear tuairiscí forlíontacha iniata, ag tabhairt sonraí ar liosta scoláirí agus gráid, faoi réir ag na saincheisteanna seo, más cuí.
Rinneadh ábhair uile na hArdteistiméireacha a ghrádú bunaithe ar an marc measta agus air sin amháin, ach amháin i gcás ábhar amháin – an Eacnamaíocht Bhaile. Leanann na gráid i mbliana an leagan amach céanna le blianta roimhe seo, 1,2,3.... leis na litreacha A, G, B nó C ag léiriú Ardleibhéal, Gnáthleibhéal, Bonnleibhéal agus Comónta faoi seach.
Tá ráiteas ar Thorthaí sealadacha na nGrád Ríofa do gach iarrthóir i mbliain 2 den Ardteistiméireacht Fheidhmeach iniata.
Taispéanann an mhaitrís bhuí na torthaí do gach iarrthóir i Seisiún 4. Ba cheart í sin a choinneáil sa scoil.
Taispéanann an mhaitrís bhándearg na torthaí do gach iarrthóir i mBliain 2. Ba cheart í sin a choinneáil sa scoil.
Tiomsaíodh torthaí na nGrád Ríofa do Scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí i mBliain 2 agus feidhm á baint as:
Tá eochair eolais ar fáil ar chúl gach leathanaigh den mhaitrís chlóite ina mínítear cóid na n-ábhar agus teorainneacha na ngrád.
Féadfaidh Scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí Bliain 2 amharc ar a gcuid torthaí le haghaidh Seisiún 4 agus toradh foriomlán an chláir freisin ar Thairseach na Scoláirí. Féadfaidh scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí rochtain a fháil ar a gcuid torthaí trí thairseach na scoláirí ach ní bheidh an áis chun ráiteas ar thorthaí sealadacha a chur i gcló ar fáil dóibhsean.
Beidh an tAinm agus an dáta breithe a thaispeántar sa Ráiteas ar Thorthaí Sealadacha le feiceáil níos déanaí ar Theastas na dTorthaí, mura gcuirfear aon mhíchruinneas in iúl don Roinn Oideachais. Seiceáil na sonraí sin go cúramach, le do thoil, agus cuir aon athruithe is gá a dhéanamh in iúl trí theagmháil a dhéanamh ar líne fóin Dheasc Chabhrach na Scoileanna – sonraí ar fáil i Mír 14.
Nóta: Cuirfear torthaí le haghaidh scoláirí ATF Bliain 1 ar fáil níos déanaí. Cuirfear tuilleadh eolas ar fáil in am tráth.
Bhí ról tábhachtach riamh anall ag scoileanna maidir le treoir agus tacaíocht a thairiscint do scoláirí na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí ar lá na dtorthaí. Aithnítear nach mbeidh rang Ardteistiméireachta 2020 in ann cloí leis an traidisiún agus teacht isteach sa scoil chun na torthaí a cheiliúradh lena múinteoirí agus a gcomhscoláirí ar lá na dtorthaí mar a bhídis a dhéanamh sna blianta roimhe seo.
De bharr na gcúinsí uathúla a bheidh i bhfeidhm i gcás na scoláirí a gheobhaidh gráid ríofa in 2020, beidh scoileanna ábalta roinnt beart a chur i bhfeidhm chun tacú le scoláirí ar an lá agus sna laethanta ina dhiaidh sin. Aithnítear sna bearta sin an ról atá ag scoileanna maidir le scoláirí a chothú agus tacaíocht a thabhairt dóibh sna blianta a chaitheann siad san iar-bhunscoil.
Iarrtar ort tacaíocht a chur ar fáil do scoláirí ar bhealach oiriúnach ar an lá, trí chead a thabhairt do scoláirí teacht chuig an scoil ag am sceidealaithe, más mian leo sin a dhéanamh, agus prótacail COVID-19 agus sláinte agus sábháilteachta á leanúint, chun bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta, amhail Gairmchomhairleoirí, Cinn Bhliana, Teagascóirí agus Séiplínigh.
Ó lár na maidine ar an 7 Meán Fómhair agus sna laethanta ina dhiaidh sin (don chuid eile den tseachtain scoile), beidh lánchead agat gairmchomhairleoirí agus baill eile den fhoireann tacaíochta a scaoileadh amach as ranganna, agus úsáid á baint as an scéim Maoirseachta agus Ionadaíochta. Beidh sé sin á dhéanamh chun tacú le scoláirí go pearsanta nó ar na bhfón. Tá an caidreamh pleanáilte seo leis na scoláirí ceaptha le tacú lena bhfolláine agus deis a thabhairt dóibh a roghanna oideachais agus gairme amach anseo a phlé, ach níor chóir na marcanna measta a chuir an scoil isteach mar chuid de phróiseas na nGrád Ríofa a phlé. Ba chóir aon cheist maidir leo sin a threorú chuig líne chabhrach/ríomhphost na nGrád Ríofa. Beidh ról lárnach ag na Gairmchomhairleoirí ag tacú leis na daoine óga seo agus iad ag déanamh a mbealaigh trí na chéad chéimeanna eile dá dturas oideachais agus gairme tríd an eolas is déanaí a chur ar fáil agus athdhearbhú a thabhairt dóibh go ciúin dearfach.
Beidh ar iarscoláirí a thagann chun na scoile ar cuairt sceidealta na socruithe maidir le scaradh fisiciúil a leanúint agus iad féin a iompar ar shlí fhreagrach, ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí agus le beartas cuartaíochta na scoile. Ní mholtar faoi láthair grúpaí móra scoláirí a bhailiú le chéile in aon áit amháin. Mar sin féin, ba chóir do na scoileanna a bprótacail Covid-19 a chur i bhfeidhm má tá cruinnithe cuí de ghrúpaí beaga iarscoláirí á n-eagrú acu. Caithfear sláinte agus sábháilteacht an phobail scoile ar fad a chur san áireamh.
Beidh sé de rogha agat iarraidh ar ranganna áirithe de scoláirí reatha gan teacht ar scoil an lá sin chun gur féidir scaradh sóisialta leordhóthanach a chur i bhfeidhm sna scoileanna.
Beidh an líne chabhrach a sholáthraíonn Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (iar-bhunscoile) ar fáil do scoláirí ar an 7 Meán Fómhair chun aon cheisteanna a bheadh acu a chur ar ghairmchomhairleoir.
Beidh tacaíocht ar fáil d'fholláine na scoláirí a mbeidh na gráid ríofa á bhfáil acu trí roinnt beart sa bhreis.
a. Beidh an líne chabhrach a sholáthraíonn Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (iar-bhunscoile) ag 1800 265 165 ar fáil do scoláirí ó 11.00 am ar an 7 Meán Fómhair chun aon cheisteanna a bheadh acu a chur ar ghairmchomhairleoir. Beidh an líne chabhrach ar fáil go dtí an 16 Meán Fómhair, tar éis an chéad bhabhta de thairiscintí ón Lár-Oifig Iontrála agus is gairmchomhairleoirí cáilithe a bheidh ina bun. Féadfar tuilleadh sonraí a fháil ag https://www.npcpp.ie/leaving-cert-helpline/
b. Beidh soláthraithe seirbhíse FSS agus soláthraithe a fhaigheann cistiú ó FSS ar fáil chun tacú le scoláirí trí ríomhsheirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil. https://www2.hse.ie/wellbeing/mental-health/covid-19/minding-your-mental-health-during-the-coronavirus-outbreak.html
c. Tá acmhainní folláine atá forbartha ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil ag www.gov.ie/leavingcert
d. Beidh líne chabhrach Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa (OFGR) ar fáil ag 1800 111135 agus 1800 111136 ó 9.00 am go dtí 4.00 pm ón Luan an 7 Meán Fómhair go dtí an Chéadaoin an 16 Meán Fómhair. Taobh amuigh de na huaireanta sin, féadfar ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig lcsupport2020@education.gov.ie. Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil an líne chabhrach sin ar fáil i gcomhair ceisteanna a bhaineann leis na Gráid Ríofa agus leo sin amháin agus nach bhféadfar comhairle a chur ar fáil i dtaca le hábhair ar bith eile.
e. Eolas ar fáil ón Lár-Oifig Iontrála (CAO) ag www.cao.ie
Beidh fáil ag scoláirí nach bhfuil sásta le torthaí a nGrád Ríofa ar phróiseas achomhairc. Is próiseas riaracháin a bheidh sa phróiseas achomhairc agus ní fhéadfaidh scoláirí achomharc a dhéanamh i gcoinne an eolais a chuir an scoil ar fáil ar a son mar go bhfuil an t-eolas sin imithe trí phróiseas ailínithe scoile agus trí phróiseas maoirseachta ag príomhoide na scoile cheana féin.
Féadfaidh scoláirí achomharc a chur isteach trí thairseach na scoláirí ó 9.00 am ar an Luan an 14 Meán Fómhair go dtí 5.00 pm ar an gCéadaoin an 16 Meán Fómhair.
Céim 1: Déanfar seiceálacha lena chinntiú go ndearna an scoil an t-eolas a bhí beartaithe a thaifeadadh i gceart agus go ndearnadh an t-eolas a aistriú i gceart chuig an gcóras bailithe sonraí.
Céim 2: Déanfar athbhreithniú freisin lena chinntiú gur glacadh leis na sonraí agus gur próiseáladh mar ba cheart iad sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta atá á reáchtáil ag an Roinn.
San áireamh sna seiceálacha ar shonraí, beidh seiceáil lena chinntiú gur coinníodh rang-ord an rang-ghrúpa don ábhar agus don leibhéal sa phróiseas caighdeánaithe agus go bhfuil scoláirí a chuir an scoil ar an marc scoilmheasta céanna san ábhar céanna ag fáil an mhairc chéanna a bhronn an Roinn orthu.
Féadfaidh scoláirí nach bhfuil sásta le toradh an phróisis sin athbhreithniú a lorg ó Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc.
Tabharfar aghaidh ar Chéim 1 agus ar Chéim 2 ag leanúint ó chéad iarratas an scoláire. Is próiseas ar leith a bheidh i gCéim 3 ar féidir le scoláire ar bith nach bhfuil sásta le toradh an chéad achomhairc, tabhairt faoi.
Féadfaidh scoláirí atá míshásta leis an bpróiseas go fóill dul i muinín Oifig an Ombudsman, nó i gcás scoláirí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, an tOmbudsman do Leanaí.
Beidh deis ag na scoláirí go léir tabhairt faoi na Scrúduithe Ardteistiméireachta a cuireadh siar agus atá le tosú ar an 16 Samhain faoi réir comhairle sláinte poiblí.
D’fhonn a chinntiú gur féidir próiseas na n-achomharc a chuíchóiriú sa tslí is éifeachtaí gur féidir, ní mór do scoileanna an cháipéisíocht ar fad a bhaineann le bailiú sonraí agus céimeanna iontrála sonraí, mar chuid den chéim inscoile de Ghráid Ríofa, a chur ar ais. Is é sin
Chun cabhrú le haischuir na n-ábhar, tá clúdach litreach speisialta leis an seoladh air initata. Ba cheart an cháipéisíocht a bheith curtha san ord ceart, de réir ábhair, leibhéal agus rang comhartha aitheantais le foirm an Phríomhoide le síniú ar bharr. Is é an dáta le haghaidh an chlúdaigh litreach a chur ar ais ná an Aoine 11 Meán Fómhair. Ba cinnte go gcoimeádann tú cóip den cháipéisíocht le haghaidh taifid na scoile.
Tá pleananna á gcur chun cinn ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit chun Scrúduithe na hArdteistiméireachta a reáchtáil, ag tosú ar an 16 Samhain 2020. Beidh na scrúduithe ar siúl sna tráthnónta agus ag an deireadh seachtaine. Cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit sonraí breise maidir leis na scrúduithe sin ar fáil amach anseo.
Is ar na scrúduithe scríofa, agus orthu sin amháin, a bheidh na scrúduithe Ardteistiméireachta a cuireadh siar bunaithe, (i.e. ní bheidh béaltrialacha ná scrúduithe praiticiúla san áireamh ach beidh obair chúrsa i gcúig ábhar a cuireadh i gcrích sular dúnadh na scoileanna i mí an Mhárta san áireamh). Níl sé indéanta ná praiticiúil ag an bpointe seo scrúduithe a reáchtáil i gcomhpháirteanna na mbéaltrialacha ná na scrúduithe praiticiúla, ná iarracht a dhéanamh obair chúrsa nach bhfuil críochnaithe a chur i gcrích. Is gnéithe scoilbhunaithe iad comhpháirteanna na mbéaltrialacha agus na scrúduithe praiticiúla, ar gá tacaíocht shuntasach a thabhairt dóibh ag leibhéal na scoile, lena n-áirítear an riachtanas múinteoirí atá i mbun a gcuid oibre a thógáil amach as a gcuid scoileanna chun obair a bhaineann leis na Scrúduithe Stáit a dhéanamh.
I gcás cúig cinn d’ábhair, déanfaidh CSS obair chúrsa a cuireadh i gcrích sular dúnadh na scoileanna a mharcáil freisin agus cuirfear na marcanna sin san áireamh agus na hábhair sin á ngrádú. Is iad sin:
I ngach ábhar eile, bronnfar gráid ar na hiarrthóirí, ar gráid iad a bheidh bunaithe ar na páipéir scríofa agus orthu sin amháin.
Faoi mar is eol duit, tá an Rialachán Ginearálta um Chosaint sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 a bhaineann leis i bhfeidhm. Ba cheart go gcuirfí rúndacht agus slándáil san áireamh go hiomlán maidir le sonraí pearsanta na scoláirí. Ba cheart bheith an-chúramach ar fad nuair a bhítear ag dáileadh an Ráitis ar Thorthaí Sealadacha ar scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí, ag rochtain na dtorthaí ar Esinet agus nuair a bhíonn Maitrís na dtorthaí á coinneáil, i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach. Ba cheart do scoileanna a gcuid polasaithe Cosaint Sonraí a leanúint ina leith seo.
Ceanglaítear ar eagraíochtaí anois sáruithe ar shonraí pearsanta a thuairisciú don údarás maoirseachta cuí, áit a bhfuil riosca i gceist dóibh siúd dá ndéantar difear. Nuair is iomchuí, tabharfaidh CSS fógra don Choimisinéir Cosanta Sonraí (DPC) laistigh de 72 uair an chloig ón uair a chuirtear sáruithe ar Shonraí in iúl don Roinn Oideachais agus Scileanna.
Más rud é go gceapann tú go bhféadfadh sé go raibh Sárú ar Shonraí i gceist agus Ráitis ar Thorthaí Sealadacha na hArdteistiméireachta Feidhmí á ndáileadh, téigh i dteagmháil láithreach leis an Oifigeach Cosanta Sonraí sa Roinn Oideachais agus Scileanna trí ríomhphost a sheoladh chuig dpo@education.gov.ie
An 7 Meán Fómhair ag 9 am | Eiseofar Torthaí na nGrád Ríofa don Ardteistiméireacht, do Ghairmchlár na hArdteistiméireachta agus don Ardteistiméireacht Feidhmeach. |
An 7 Meán Fómhair | Gheobhaidh scoláirí tairiscintí UCAS |
An 11 Meán Fómhair | An spríocdháta chun Foirmeacha A, B, C agus D, an bhileog réitigh (nuair is infheidhme) agus an fhoirm um shíniú na scoile a chur ar ais chuig Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa. |
An 11 Meán Fómhair | An chéad bhabhta tairiscintí ón Lár-Oifig Iontrála (CAO) |
An 14 Meán Fómhair | Féadfaidh scoláirí rochtain a fháil ar a marc céatadáin measta trí thairseach na scoláirí. |
An 14 Meán Fómhair | An próiseas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar achomharc ar oscailt do scoláirí trí thairseach na scoláirí ó 9.00 am. |
An 16 Meán Fómhair | Dúnann an próiseas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar achomharc ar 5.00 pm. |
An 23 Meán Fómhair | An dara babhta tairiscintí ón Lár-Oifig Iontrála (CAO) |
Ba cheart d’Údaráis Scoileanna a bhfuil fiosruithe acu maidir leis na torthaí a fuair siad teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais ar cgdatacollection@education.gov.ie sa chéad áit. Le haghaidh fiosruithe a bhfuil níos mó práinne ag baint leo is féidir glaoch ar an uimhir shaorghlao 1800 111138 nó 1800 111139. Tabhair do d’aire de bharr srianta COVID- 19 beidh an tseirbhís eo ag feidhmiú ar bhonn teoranta idir 10:00 am go dtí 4.00 p.m. ar an Luan an 7 Meán Fómhair agus beifear ag déileáil go sonrach le fiosruithe ó údaráis scoileanna i ndiaidh eisiúint na dtorthaí agus leo sin amháin. Níl an líne nasctha leis an lasc-chlár agus níor cheart í a úsáid ach amháin i gcomhair fiosruithe maidir le Torthaí Ghráid Ríofa na hArdteistiméireachta. Má ghlaonn tú ar an uimhir ar chúis ar bith eile ní fhéadfar do ghlaoch a aistriú chuig aon rannóg eile taobh istigh den Roinn Oideachais. Le go bhfeidhmeoidh an tseirbhís seo go héifeachtach, tá sé fíorthábhachtach nach mbeidh an uimhir shaorghlao ar fáil ach amháin d’ionadaithe bona fide na scoile chun go n-úsáidfidh siad í i dtaca le hábhair a bhaineann le heisiúint thorthaí na hArdteistiméireachta agus dó sin amháin.
De ghnáth, ba cheart ceisteanna a ardaíonn scoláirí nó a dtuismitheoirí, agus a bhfuil sé riachtanach teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ina leith, a phróiseáil tríd an údarás scoile lena mbaineann. Ainneoin sin, ba cheart a chur in iúl do scoláirí nó dá dtuismitheoirí go bhféadfaidh siad teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Roinn ach glaoch ar 800 111135 nó 1800 111136.