Is é cuspóir an Chiorcláin seo é comhairle a chur ar Bhunscoileanna aitheanta maidir leis na socruithe athbhreithnithe i leith díolúine a dheonú do dhaltaí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tagann sé in ionad Ciorclán 12/96 agus in ionad athbhreithniú 2009 ar an gCiorclán sin, atá anois arna dtarraingt siar. Baineann na socruithe athbhreithnithe atá leagtha amach sa Chiorclán seo le bunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla amháin. Beidh feidhm ag na díolúintí atá ann cheana ó bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, a deonaíodh faoi Chiorclán 12/96 agus atá ag daltaí go dtí deireadh a gcuid oideachais iar-bhunscoile.
Earnáil: Bunoideachas
Údar: Polasaí um Churaclam agus Measúnacht