Coimisiúin Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna
-
Ó: Coimisiúin Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna
- Foilsithe: 8 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Iúil 2025
- Forléargas
- Cuspóir
- Rannpháirtíocht marthanóirí
- Tacaíocht do Mharthanóirí
- Tacaíocht do Mharthanóirí thar lear
- Líomhain a thuairisciú don Gharda Síochána maidir le drochúsáid ghnéasach
Forléargas
Cheadaigh an Rialtas Coimisiún Imscrúdaithe a bhunú faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil Leanaí i Scoileanna, a bhí mar an príomh-mholadh i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe.
Cheap an tAire Oideachais, Helen McEntee an Breitheamh Onórach Michael MacGrath le bheith mar chathaoirleach an Choimisúin Imscrúdaithe.
Cuspóir
Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar láimhseáil na n-ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil leanaí i scoileanna, mar atá leagtha amach ina Théarmaí Tagartha.
Rannpháirtíocht marthanóirí
Beidh Clár suntasach Rannpháirtíochta Marthanóirí ag an gCoimisiún Imscrúdaithe. Foilseofar tuilleadh eolais faoin gcaoi a mbeidh an Coimisiún i dteagmháil le marthanóirí de dhrochúsáid ghnéasach stairiúil leanaí i scoileanna ar an suíomh gréasáin seo de réir mar a dhéanann an Coimisiún dul chun cinn. Nuair atá an Coimisiún réidh le heolas a bhailiú ó mharthanóirí, déanfar fógraíocht faoi go forleathan, agus cuirfear tuilleadh eolais ar an suíomh gréasáin seo an uair sin. Tarlóidh sé seo sna míonna amach romhainn, tar éis na céime tosaigh den réamhobair.
Tacaíocht do Mharthanóirí
Tá tacaíocht dóibh siúd a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach ar fáil ó líon gníomhaireachtaí thíos. Mura bhfuil tú cinnte faoin gcineál tacaíochta atá de dhíth ort, moltar duit labhairt le do dhochtúir teaghlaigh.
Duine Amháin as Gach Ceathrar
Cuireann Duine Amháin as Gach Ceathrar tacaíocht ar fáil do mharthanóirí aosaigh a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach leanaí:
- teil: +353 1 662 4070
- r-phost: info@oneinfour.ie
- suíomh gréasáin: www.oneinfour.ie
An tSeirbhís Náisiúnta Comhairleoireachta
Cuireann Seirbhís Náisiúnta Comhairleoireachta FSS seirbhís comhairleoireachta agus síciteiripe atá gairmiúil agus faoi rún ar fáil do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine a d’fhulaing drochúsáid leanaí. Is féidir rochtain a dhéanamh ar an tseirbhís trí fhéin-atreorú nó trí atreorú ó dhochtúir teaghlaigh.
Tá an tseirbhís ar fáil i Réigiúin Sláinte uile FSS. Tá an t-eolas teagmhála éagsúil ag brath ar cá bhfuil tú in Éirinn, ach is féidir teacht ar na sonraí teagmhála do gach ceantar áitiúil ag: Tú féin a atreorú go dtí an SNC.
Connect Counselling
Is seirbhís comhairleoireachta agus tacaíochta teileafóin de chuid FSS í Connect Counselling le haghaidh daoine fásta a d’fhulaing drochúsáid leanaí. Is iad comhairleoirí cáilithe atá ar an bhfoireann agus tá sí ar fáil ó thráthnóna Dé Céadaoin go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh ó 5pm-9pm.
Poblacht na hÉireann: Saorghlao 1800 477 477
Tuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe: 00800 477 477 77
Lasmuigh d’Éirinn agus an Ríocht Aontaithe: 00353 (0)1 865 7495
Suíomh Gréasáin: connectcounselling.ie
An tIonad Éigeandála um Éigniú
Seirbhís éisteachta agus tacaíochta atá saor in aisce agus faoi rún á tairiscint do dhuine ar bith a ndearnadh éigniú, ionsaí gnéasach, ciapadh gnéasach nó drochúsáid ghnéasach air/uirthi ag am ar bith ina saol.
Líne Chabhrach Náisiúnta 24-uair an chloig: 1800 77 88 88
R-phost: counselling@rcc.ie (uaireanta oifige)
An Garda Síochána
Saorghlao faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Leanaí - líne 24-uair an chloig le gearán a thuairisciú faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí: 1800 555 222
Is féidir gearáin faoi dhrochúsáid ghnéasach a dhéanamh freisin in aon stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána.
Na Samáraigh
Tá na Samáraigh ar fáil le haghaidh tacaíochta éisteachta atá faoi rún agus neamhbhreithiúnach. Is féidir leat glaoch nó ríomhphost a chur chuig na Samáraigh uair ar bith, de lá agus d’oíche:
- saorghlao: 116 123
- r-phost: jo@samaritans.ie
- suíomh gréasáin: samaritans.ie
Pieta
Cuireann Pieta comhairleoireacht ar fáil ina n-ionaid ar fud na tíre, agus tacaíocht ar an bhfón. Tá a gcuid seirbhísí le haghaidh daoine atá i mbaol lámh a chur ina mbás féin, agus do dhaoine atá fágtha faoi bhrón de bharr féinmharaithe:
- saorghlao 1800 247 247 uair ar bith, de lá nó d’oíche
- cuir an téacs HELP go dtí 51444 (tá gnáthrátaí teachtaireachtaí i bhfeidhm)
- tabhair cuairt ar www.pieta.ie le haghaidh tuilleadh eolais
Text About It (Cuir Téacs Faoi)
Seirbhís téacs saor in aisce ina gcuirtear tacaíocht mhothúchánach do dhuine ar bith atá ag fulaingt mar gheall ar ghéarchéim, trí theagmháil a dhéanamh i gcomhrá téacs le hoibrí deonach oilte agus faoi mhaoirseacht:
- cuir an téacs HELLO go dtí 50808 chun tús a chur le comhrá
- tabhair cuairt ar www.textaboutit.ie le haghaidh tuilleadh eolais
Eolas maidir le Meabhairshláinte
Tabhair cuairt ar www.yourmentalhealth.ie le haghaidh eolais faoin gcaoi le haire a thabhairt do do mheabhairshláinte, le tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile, nó le seirbhís a aimsiú i do cheantar. Ar an suíomh, is féidir leat eolas a aimsiú faoi na tacaíochtaí atá á gcur ar fáil ag eagraíochtaí atá maoinithe ag FSS, lena n-áirítear féinchabhair, comhairleoireacht, línte cabhracha agus tacaíochtaí ar líne. Is féidir leat glaoch ar chur ar Do Líne Eolais maidir le Meabhairshláinte de chudi FSS ar an saorghlao 1800 111 888 le haghaidh eolais faoi sheirbhísí meabhairshláinte i do cheantar. Tá an Líne Eolais oscailte uair ar bith, de lá nó d’oíche.
Tacaíocht do Mharthanóirí thar lear
An Bhreatain
Dóibh siúd atá ina gcónaí sa Bhreatain ar mhaith leo leas a bhaint as tacaíochtaí go háitiúil, tá líon eagraíochtaí ann – arna thacú ó thaobh airgeadais de ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha tríd an gClár Tacaíochta d’Eisimircigh – a chuireann tacaíocht ar fáil.
ICAP
Is é ICAP an t-aon sainseirbhís comhairleoireachta agus síciteiripe bunaithe sa Bhreatain a thugann tacaíocht do dhaoine ón phobal Éireannach a bhfuil raon fadhbanna mothúchánacha rompu, lena n-áirítear dúlagar, imní agus strus. Tá saineolas ar leith acu faoi bheith ag obair leo siúd a tháinig beo as drochúsáid leanaí agus cuireann siad seirbhís teiripe saor in aisce ar fáil do mharthanóirí de dhrochúsáid institiúideach:
- teil: 0207 7272 2906
- seoladh: 96 Moray Rd, Finsbury Park, Londain N4 3L
- r-phost: Londain info@icap.org.uk
- r-phost: West Midlands info@icapbirmingham.org.uk
- suíomh gréasáin: icap.org.uk
Lárionad Éireannach Londan
Le seirbhís chomhtháite marthanóirí Lárionad Éireannach Londan, cuirtear tacaíocht agus abhcóideacht ar fáil do mharthanóirí agus d’iarchónaitheoirí institiúidí Éireannacha atá ina gcónaí i Londain agus san Oirdheisceart. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 0207 916 2222, agus ag community@londonirishcentre.org
Fréa – Renewing Roots (Fréamhacha a Athmhúscailt)
Is comhpháirtíocht é Fréa – Renewing Roots idir Cúram an Phobail Éireannaigh, Sláinte agus Tithe an Phobail Éireannaigh Leeds agus Cúram an Phobail Éireannaigh Manchain, ina dtugtar tacaíocht do mharthanóirí agus d’iarchónaitheoirí institiúidí Éireannacha, chomh maith le tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil a thairiscint. Teil: 07458 138 682, r-phost: renewingroots@frea.org.uk
Cumann Éireannach Coventry
Oibríonn Cumann Éireannach Coventry le marthanóirí agus iarchónaitheoirí institiúidí Éireannacha. Teil: 0247 625 6629, R-phost: simon.mccarthy@covirishsoc.org.uk
Na Stáit Aontaithe
In Ionaid Chomhghuaillíocht Inimirce na hÉireann, cuirtear tacaíocht ar fáil do na pobail Éireannacha/Ghael-Mheiriceánacha a bhfuil siad ag freastal orthu. Tá tuilleadh eolais ar fáil agus tá sonraí na n-ionad ar fáil.
Tíortha eile
Do dhaoine atá ina gcónaí lasmuigh d’Éirinn, den Bhreatain agus de na Stáit Aontaithe, is féidir le hAmbasáid nó Consalacht áitiúil de chuid na hÉireann sonraí eagraíochtaí a chur ar fáil a bheadh in ann cuidiú. Tá liosta ambasáidí agus consalachtaí ar fáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Líomhain a thuairisciú don Gharda Síochána maidir le drochúsáid ghnéasach
Más mian leat líomhain a thuairisciú maidir le drochúsáid ghnéasach, is féidir dul i dteagmháil le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, leis an Aonad Bainistíochta um Choireanna Gnéis de chuid an Gharda Síochána (01-6663430) nó le Líne Thuairiscithe an Gharda Síochána maidir le Drochúsáid Ghnéasach Leanaí (1800 555 222), seirbhís atá faoi rún, saor in aisce agus ar fáil ar bhonn 24/7. De rogha air sin, is féidir ríomhphost a chur chuig GNPSB_SCMU@garda.ie