Caint Théamach #2 - an 11 Feabhra 2021
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Iúil 2022
Téama:
Na Dúshláin atá roimh Sholáthraithe Meán Seirbhíse Poiblí agus Soláthraithe Ábhair Seirbhísí Poiblí i dtírdhreach atá ag athrú.
Déardaoin an 11 Feabhra 2021, 3.30pm - 5.30pm
Físeán imeachtaí
Clár
15:30 Cur in Aithne. An tOll. Brian MacCraith, Cathaoirleach, An Coimisiún um Thodhchaí na Meán
15:35 Painéal 1: Céard iad na buntáistí, dar le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an pobal, a chuireann Soláthraithe Meán Seirbhíse Poiblí agus Soláthraithe Ábhair Seirbhíse Poiblí ar fáil do na pobail ar a mbíonn siad ag freastal? Céard is féidir leo a fheabhsú d'fhonn freastal níos fearr a dhéanamh ar phobail agus tacú le haontacht agus daonlathas sóisialta?
- Dee Forbes, RTÉ
- Peter Feeney, Comhairle an Phreasa
- Jack Byrne, Craol, Raidió Pobail na hÉireann
Seisiún Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 1
16:15 Painéal 2. Céard iad na dúshláin agus deiseanna atá roimh sholáthraithe meán seirbhíse poiblí agus soláthraithe ábhair seirbhíse poiblí?
- Seamus Dooley, NUJ
- Dearbhail McDonald, Údar, Craoltóir agus ball den Sainghrúpa Comhionannais
- Bob Hughes, Local Ireland
Seisiún Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 2
16:55 Painéal 3. Céard iad na dúshláin agus deiseanna a chuireann teicneolaíochtaí nua os ár gcomhair ar mhaithe le tírdhreach meán bríomhar, inbhuanaithe, inrochtana agus cothrom?
- Adrián Acosta, Journal.ie
- Dualta Ó Broin, Facebook
- An tOll. Colleen Murrell, DCU
Seisiún Ceisteanna agus Freagraí le Painéal 3
17:35 Conclúid