English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

FÓGRA FAOI BHREITHNIÚ A DHÉANAMH AR AN bhFACHTÓIR COIGEARTAITHE ÁITIÚIL

  • Ó: Comhairle Chontae na Gaillimhe

  • Foilsithe: 26 Iúil 2019
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 19 Iúil 2019
  • Dúnadh na haighneachtaí: 19 Lúnasa 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Consultation is closed


Achoimre

Leis an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (arna leasú), foráiltear go sonrach go bhféadfaidh comhaltaí tofa údaráis áitiúil rún foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla dá limistéar feidhme a athrú de réir céatadáin ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil.

Ag an gcruinniú atá socraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun an t-ábhar seo a bhreithniú, féadfaidh na comhaltaí fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de raon +/- 15% den bhunráta nó féadfaidh siad a chinneadh gan an bunráta a choigeartú.

Tiocfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le chéile i Meán Fómhair 2019 chun breithniú a dhéanamh i dtaobh fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú.

Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn ó dhaoine den phobal maidir leis an ábhar seo, go sonrach maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, do ghnóthaí, do dhaoine aonair agus do sheirbhísí údaráis áitiúil, mar thoradh ar athrú na Cánach Maoine Áitiúil.