Comhairliúchán Poiblí ar Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
D'fhoilsigh Airí Eoghan Murphy agus Damien English an Dréacht-Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí (NMPF) le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.
Is é an Dréacht-NMPF an chéad phlean spásúlachta muirí in Éirinn agus baineann sé le réimse leathan gníomhaíochtaí muirí lena n-áirítear dobharshaothrú, fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, iascaigh mhara agus turasóireacht. Soláthraíonn sé creat fadtréimhseach chun gníomhaíochtaí mara a bhainistiú go héifeachtach agus úsáid níos inbhuanaithe a bhaint as ár n-acmhainní muirí. Tá sé i gceist go gcuirfidh sé ar chumas an Rialtais treoir shoiléir a leagan síos chun ár bhfarraigí a bhainistiú, cuspóirí agus tosaíochtaí a shoiléiriú, agus lucht déanta cinntí, úsáideoirí agus páirtithe leasmhara a threorú i dtreo úsáid níos straitéisí, níos treoraithe agus níos éifeachtúla ó thaobh an phlean de a dhéanamh ar acmhainní muirí.
Déanfaidh an NMPF cinntí maidir le forbairt reatha agus sa todhchaí ar an limistéar muirí a threorú, agus é mar aidhm aige riachtanais earnálacha éagsúla a chomhtháthú laistigh de na trí cholún uileghabhálacha um réamhphleanáil (eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta).
Go ginearálta tá an NMPF bunaithe timpeall:
Ní leagann an plean ordlathas gníomhaíochtaí amach. Leagtar amach ann, áfach, beartais tacaíochta maidir le dobharshaothrú, cosaint, fuinneamh, iascach, mianadóireacht agus comhiomláin, calafoirt agus loingseoireacht, cáblaí teileachumarsáide, turasóireacht, sábháilteacht ar muir, spórt & caitheamh aimsire, agus cóireáil agus diúscairt fuíolluisce.
Tá imeachtaí poiblí réigiúnacha á reáchtáil chun feasacht a chur chun cinn agus chun rannpháirtíocht an phobail agus na bpáirtithe leasmhara a éascú ar an Dréacht-NMPF. Seo a leanas sonraí na n-imeachtaí a socraíodh go dtí seo (tabhair faoi deara go bhfuil dhá sheisiún ar leith ar siúl gach dáta):
Dáta | Am | Ionad | Téama |
12/02/2020 | 18:00 – 20:00 | Arklow Bay Hotel, An tInbhear Mór, Contae Chill Mhantáin, Y14 DX02 | Fuinneamh In-athnuaite amach on gcósta |
17/02/2020 | 11:00 - 13:00 | St Laurence's, Ollsccoil Teicneolaíochta Bhaile Atha Cliath, Grange Gorman, Baile Atha Cliath, D07 E244 | Timpeallacht Mhuirí |
02/03/2020 | 18:00 – 20:00 | School of Tourism, Institúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Bóthar an Chladaigh, Na Cealla Beaga, Co. Dún na nGall, F94 DV52 | Iascach |
Mar gheall ar an staid reatha sláinte phoiblí maidir le COVID-19 (Coróinvíreas) tá na cruinnithe poiblí eile pleanáilte curtha ar ceal.
Aighneacht a Dhéanamh
Iarrann an Roinn aighneachtaí ar an Dréacht-Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí. Dúnann an tréimhse chomhairliúcháin ar an Déardaoin 30 Aibreán 2020. Is féidir leat aighneacht a dhéanamh trí:
Seol ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas amháin msp@housing.gov.ie; nó
Scríobh chuig an seoladh seo a leanas:
Comhairliúchán Dréacht NMPF, An Rannóg Pleanála Mhuirí,, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90
Dréacht Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí
Dréacht Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí - Cinneadh Scagthástála Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
Draft National Marine Planning Framework - SEA Environmental Report
Draft National Marine Planning Framework - Appropriate Assessment Screening Report
Dréacht Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí - Cinneadh Scagthástála do Mheasúnú Cuí
Draft National Marine Planning Framework - Natura Impact Statement
Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí ar an Comhairliúchán Poiblí ar an Tuarascáil Bhonnlíne
Dréacht Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí - Ráiteas Príobháideachais
Tá na haighneachtaí agus na barúlacha uile a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014.
Níor chóir faisnéis phearsanta, rúnda nó faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála a chur san áireamh san aighneacht agus glactar leis go bhfuil an fhaisnéis go léir atá san aighneacht in-aisíoctha faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Beidh na freagairtí mar bhonn eolais d'fhorbairt bhreise an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí. Tabhair faoi deara go bhféadfar aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Ar aon nós, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Féach freisin Ráiteas Príobháideach faoin nasc Doiciméid thuas.