An Plean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha – Comhairliúchán Poiblí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan TD, comhairliúchán poiblí inniu ar an bPlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha, atá ar fáil thíos lena íoslódáil.
Is é an Plean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe ar an tSlí d’Fheithiclí Leictreacha an chéad ghné den Phlean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha, a dhéanfaidh plé le gach cineál luchtaithe a bhfuil fáil ag an bpobal air.
Chomh maith le bonneagar luchtaithe ar an tslí, tá Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) ag obair as lámha a chéile le húdaráis áitiúla freisin le gnéithe eile den phlean náisiúnta seo a fhorbairt, an luchtú cinn scríbe agus comharsanachta ina measc.
Spreagfaidh an Plean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha agus na tionscnaimh a bhaineann leis soláthar bonneagair luchtaithe chun teacht roimh an éileamh agus na ceanglais den AFIR a bhaineann le carranna, LGVanna agus HGVanna a bhaint amach faoi 2025.
I gcás an Luchtaithe ar an tSlí, tá treoir sa dréacht-phlean maidir leis an leibhéal agus an clúdach a bheidh ag teastáil ar an ngréasán náisiúnta bóithre. Déantar plé ann freisin le roghnú láithreán, líon na bpointí luchtaithe agus na nasc gaolmhar leis an eangach, chomh maith le hidirghabhálacha maoinithe agus bearta cumasúcháin d’fhonn bacainní a bhaint agus dlús a chur le soláthar an bhonneagair.
Is é 5 i.n., Dé hAoine, an 10 Samhain 2023 an spriocdháta chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí.
Gheobhaidh tú thíos:
EV Public Consultation Template
National En-Route EV Charging Network Plan - Executive Summary (English)
National En-Route EV Charging Network Plan - Executive Summary (Irish)
National En-Route EV Charging Network Plan –Full document English version
National En-Route EV Charging Network Plan –Full document English version
The Appropriate Assessment Determination
The N-ER-EVCNP Natura Impact Statement (NIS)
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Déanfaidh ZEVI athbhreithniú ar na freagraí tar éis an chomhairliúcháin.
Déanfar na príomhthéamaí a thiocfaidh chun cinn ó fhreagraí an phobail a bhreithniú go cúramach sa doiciméad deiridh. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Plean ar láithreán gréasáin an Rialtais go luath in 2024.
Tabhair faoi deara, cé go bhfuil freagraí gan ainm, go mbeidh siad, mar aon le haon aighneachtaí a sheolfar chuig an seoladh ríomhphoist thuas, faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
• Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC) maidir leis.
• Chun príobháideachas a chinntiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.
• Is féidir leat ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo .
• Is féidir leat breathnú ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne anseo ar a leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus an chaoi a gcaitear leis an bhfaisnéis. Mínítear ann freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.
Tá faisnéis faoi sheirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil ag: gov.ie - An Roinn Iompair
Dúnta agus faoi athbhreithniú.