Tógfar an straitéis ar na ceachtanna a foghlaimíodh nuair a bhí an straitéis náisiúnta roimhe seo,
Nuálaíocht 2020
, á cur i bhfeidhm. Ba í an fhís uileghabhálach a bhí i Nuálaíocht 2020, ná go mbeadh Éire ar Thús Cadhnaíochta maidir le Nuálaíocht Dhomhanda agus geilleagar láidir inbhuanaithe agus sochaí níos fearr á dtiomáint chun cinn. Díríodh laistigh de sin ar fheabhas, tallann agus tionchar. Fuarthas amach san
Athbhreithniú Lár Téarma ar Nuálaíocht 2020
, cé go raibh sé dúshlánach cuid de phríomhspriocanna Nuálaíocht 2020 a bhaint amach, go raibh go leor dul chun cinn déanta agus go raibh an fhís fhoriomlán maidir le bheith ar thús Cadhnaíochta maidir le Nuálaíocht Dhomhanda bailí fós. Cé go gcaithfear spriocanna athnuaite a shainaithint agus teacht ar chomhaontú fúthu le linn fhorbairt na chéad straitéise eile, níor tháinig laghdú ar uaillmhian an Rialtais go mbeadh Éire ar Thús Cadhnaíochta maidir le Nuálaíocht Dhomhanda.