Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais (DRS)- Comhairliúchán ar Mhúnlaí Féideartha d’Éirinn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Leagadh amach tiomantas sa Phlean Gnímh Dramhaíola don Gheilleagar Ciorclac, Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais (DRS) le haghaidh buidéal de dhéantús plaistigh agus cannaí alúmanaim.
Is tús an turais é an paipéar comhairliúcháin seo. In éineacht leis an bpáipéar comhairliúcháin, táimid ag foilsiú tuairisce a choimisiúnadh ó Eunomia Research and Consulting chun anailís a dhéanamh ar roghanna na hÉireann maidir leis an ngabháil a mhéadú a dhéanann sí de bhuidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim deochanna.
Úsáidtear DRS i mBallstáit eile an AE agus níos faide i gcéin chun dreasú a thabhairt do thomhaltóirí a soithí a fhágáil ar ais le haghaidh athchúrsála nó athúsáide. Bainfidh an scéim le buidéil phlaisteacha agus cannaí dí alúmanaim toisc nach bhfuil dóthain de na soithí seo á ngabháil againn don athchúrsáil tríd an gcóras reatha agus tá an iomarca díobh á gcaitheamh ina mbruscar.
Tá an Roinn ag lorg do chuid tuairimí maidir le gníomhaíocht an DRS in Éirinn. Tá cur síos ann ar roinnt samhlacha DRS a d’fhéadfadh oibriú in Éirinn sa pháipear comhairliúcháin agus cuireann sé roinnt ceisteanna a éilíonn breithniú. Ní gá do na freagróirí gach ceist a fhreagairt agus tá saoirse acu pointí ábhartha eile a thógáil.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ag an seoladh r-phoist a leanas: Wastecomments@DCCAE.gov.ie
Is é 5 i.n., Déardaoin an 12 Samhain an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Toisc go bhfuilimid ag obair go cianda faoi láthair, ní féidir linn glacadh le aighneachtaí cóip crua. Más fadhbh é seo duit, áfach, cur glaoch orainn ar 00353 87 244 9479 agus déanfar cinnte de go mbailítear do thuairimí.
Sceim Earlais agus Tabhair Caipeis Chomhairliuchain
Rinneadh an tuarascáil ó Eunomia a nuashonrú chuig leagan nua ina bhfuil faisnéis níos cruinne.