Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí Pháirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán oscailte
Tugann Páirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí le chéile roinnt suíomhanna mórthimpeall ar Chorca Dhuibhne agus na farraigí thart ar an leithinis.Tá gach ceann de na suíomhanna seo aitheanta as a thábhacht ollmhór, agus tugann an Pháirc le chéile iad don gcéad uair chun iad a chosaint agus a cheiliúradh i dteannta a chéile mar Pháirc Náisiúnta.
Is í seo an t-ochtú Páirc Náisiúnta agus is í an ceann is mó chomh maith céanna, le breis agus 77,000 acra de thalamh agus d'fharraige fé úinéireacht phoiblí laistigh de theorainneacha na Páirce. Tá an Pháirc lonnaithe ar fud, agus máguaird de, Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí, agus ina gcuid de tá áiteanna leithéidí Mhám Conrach, Oileán Inse, Cnoc Bréanainn agus an Abhainn Mhór, anuas ar áiteanna eile nach iad. Tá léarscáil de limistéar iomlán na Páirce le fáil ag Mara, Ciarraí - National Parks of Ireland.
Aithníonn an Roinn an tábhacht a bhaineann le próiseas comhairliúcháin ó thaobh fhorbairt Pháirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí. Tá rannpháirtíocht ón bpobail agus ó pháirtithe leasmhara á spreagadh againn sa phróiseas comhairliúcháin seo, agus cuireadh á thabhairt dóibh aighneachtaí a dhéanamh.
Bainfear úsáid as na haighneachtaí seo chun eolas a chur le forbairt an Pháírc Náisiúnta agus chun an fhorbairt sin a mhúnlú. Beidh an próiseas comhairliúcháin náisiúnta seo ag tógáil ar an gcumarsáid fhairsing le pobail áitiúla i gCorca Dhuibhne atá déanta ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) cheana féin.
Conas a bheith páirteach
Tá an tSeirbhís Páirceanna Náísiúnta agus Fiadhúlra ag tabhairt cuireadh do bhaill an phobail, do ghrúpaí agus d'eagrais cead cainte a bheith acu ó thaobh todhchaí Pháirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí. Tabhair fé ndeara, más é do thoil é, go bhfoilseofar gach aighneacht a bhfaighimid ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Is féidir leat é seo a dhéanamh tré:
nó, más fearr leat, trén bpost go:
Leagann an Cháipéis Treoraíochta amach roinnt ceisteanna a d'fhéadfadh go mba mhaith leat machnamh fúthu agus d'aighneacht á déanamh agat. Moltar go láidir duit féachaint siar ar an gcáipéis treoraíochta seo mar chabhair agus tú i mbun d'aighneacht a scríobh.
Ba cheart aighneachtaí a choimeád fé líon iomlán de 3,000 focal. Ní thabharfar aon cheann d'aighneachtaí a sháraíonn an uasmhéid focail seo. Is an dáta dúnta d'aighneachtaí ná Aoine 03 Mí Eanáir, 2024.
Bainfear amach aon fhaisnéis phearsanta nó aitheantais sara bhfoilseofar aighneachtaí ar an suíomh gréasáin. Tabhair fé ndeara, más é do thoil é, nach gá go mbeidh gach aon ábhar a bhfaighimid mar chuid den phróiseas comhairliúcháin seo á fhoilsiú ar shuíomh gréasáin SPNF.
Beidh gach ábhar a sheolfar isteach mar chuid den phróiseas comhairliúcháin seo ar fáil fén Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus fé Rialacháin na bPobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis fén Timpeallacht) 2007-2014.
Ní cheart aon ábhar atá pearsanta, rúnda, íogair ó thaobh tráchtála, nó clúmhillteach a bheith ina chuid d'aon aighneacht. Tá aighneachtaí fé réir reachtaíocht Chosanta Sonraí.
Léigh an ráiteas príobháideachais ag an nasc thíos in athuair, más é do thoil é, sara ndéanann tú d'aighneacht.
Páirc Náisiúnta na Mara: Comhairliúchán Poiblí Ráiteas Príobháideachais
Tá an Roinn tiomanta do chosaint a dhéanamh ar do chuid príobháideachais agus do mheas a léiriú air. Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo conas a dhéanfaidh an Roinn, agus í ag feidhmiú mar Rialaitheoir Sonraí, próiseáil ar na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di i dtaca leis an gcomhairliúchán poiblí- Páirc Náisiúnta na Mara, Ciarraíconas a bhainfear úsáid as an eolas sin, agus cad iad na cearta a d’fhéadfá a fheidhmiú i dtaca le do chuid sonraí pearsanta.
Tá sé i gceist go gcabhróidh an Nóta Treoraíochta seo leat agus tú i mbun
d'aighneacht a scríobh don bpróiseas comhairliúcháin. Ní gá duit ceann a
thabhairt d'aon cheist ná d'aon chuid den nóta nach mbaineann le hábhar, dar
leatsa.
Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí Pháirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí
Tá sé i gceist go gcabhróidh an Nóta Treoraíochta seo leat agus tú i mbun d'aighneacht a scríobh don bpróiseas comhairliúcháin. Ní gá duit ceann a thabhairt d'aon cheist ná d'aon chuid den nóta nach mbaineann le hábhar, dar leatsa.