Comhairliúchán ar leagan athbhreithnithe den Phlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ar an bPlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh atá ann cheana agus tuairimí a lorg chun cabhrú le Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe a ullmhú. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trínár n-ardán ar líne a úsáid.
Cheadaigh an Rialtas an Plean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh i mí na Nollag 2022, agus leagadh ann na bearta éagsúla a bhí le cur chun feidhme, chomh maith le bearta tábhachtacha níos fadtéarmaí, chun a chinntiú go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint dóibh sin atá níos neamhábalta costais mhéadaithe fuinnimh a sheasamh chun go mbeadh siad in ann a dteach a théamh agus a chumhachtú go leordhóthanach i ngeimhreadh na bliana 2022/23. Tá Grúpa Stiúrtha trasrannach ag déanamh faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta, ar Grúpa é atá faoi chathaoirleacht na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus a chuimsíonn ionadaithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Tithíochta, ón Roinn Airgeadais, ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, ón Roinn Sláinte, ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Tagann na bearta atá sa Phlean Gníomhaíochta faoi dhá chatagóir uileghabhálacha, mar atá bearta gearrthéarmacha, áit ar leagadh an díriú ar thacú le daoine teacht slán as geimhreadh na bliana 2022/23, agus bearta meántéarmacha, áit ar leagadh an díriú ar uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid chun cabhrú le dul i ngleic leis na bunchúiseanna le bochtaineacht fuinnimh agus chun aistriú cuimsitheach cóir chuig sochaí ghlan-nialasach a chinntiú.
Cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach ar na gníomhartha sin, tharla sé, mar thoradh ar an ardchostas leanúnach ar fhuinneamh, gur tugadh bearta breise costas maireachtála isteach i mí Feabhra 2023 agus i mBuiséad 2024. Mar sin, tá sé in am an Plean Gníomhaíochta atá ann cheana a athbhreithniú agus a leasú.
Tá sé beartaithe againn Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Bochtaineacht Fuinnimh a fhorbairt, arb é an cuspóir atá leis an athuair raon gníomhartha atá soiléir agus faoi cheangal ama agus a bhfuil rialachas cuí agus meastóireacht chuí ag gabháil leo a leagan amach chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh. Tá sé beartaithe gurb amhlaidh leis an bPlean go gcuirfear leis na beartais agus na gníomhartha a rinneadh go dtí seo faoin bPlean atá ann cheana, agus go leanfar ar aghaidh leis na beartais agus na gníomhartha sin, bunaithe ar ionchur ó gheallsealbhóirí, nuair is cuí.
Ina theannta sin, d’fhoilsigh Coimisiún an Aontais Eorpaigh 25 Mholadh chun dul i ngleic le Bochtaineacht Fuinnimh ar fud an Aontais an 23 Deireadh Fómhair 2023. Tá na moltaí sin dírithe ar roinnt príomhréimsí, lena n-áirítear creat dlíthiúil, inacmhainneacht agus rochtain ar fhuinneamh, rialachas, cumarsáid, éifeachtúlacht fuinnimh, agus rochtain ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar scileanna agus ar mhaoiniú chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh.
Tá sé beartaithe againn na moltaí sin a chur san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe agus iad a úsáid mar chreat tomhais as seo amach.
Mar atá luaite sa Phlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh, is cuid lárnach d’obair an Ghrúpa Stiúrtha atá in idirchaidreamh struchtúrtha uile-Rialtais a dhéanamh le geallsealbhóirí.
D’fhorbair an Grúpa Stiúrtha tacar ceisteanna ag an nasc seo a leanas ar CiviQ, atá ceaptha chun faisnéis a ghabháil ó gheallsealbhóirí chun tacú le Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe a fhorbairt.
Cuireadh síneadh ama leis an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí go dtí 5.30pm Dé Céadaoin an 12 Meitheamh 2024.
Dá mba mhaith leat an suirbhé comhairliúcháin a chomhlánú i bhformáid chruachóipe, déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig repr@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An Rannán um Beartas agus Rialáil Fuinnimh Miondíola
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29 – 31 Bóthar Adelaide,
Baile Átha Cliath,
D02 X285
Comhairliúchán na bliana 2024 ar leagan athbhreithnithe den Phlean Gníomhaíochta um Bochtaineacht Fuinnimh
Moladh ón gCoimisún maidir le bochtaineacht fuinnimh
An Plean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh 2022
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe um Thearcrochtain Fuinnimh.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
Ina theannta sin, trí fhreagra a thabhairt ar an gcomhairliúchán seo, gheobhaidh tú cuireadh chuig an bhFóram Geallsealbhóirí Bochtaineachta Fuinnimh atá le teacht, áit a dtabharfar réamhamharc ar dhréacht den Phlean Gníomhaíochta athbhreithnithe agus a bpléifear é. Tá an t-imeacht sin le reáchtáil sa dara ráithe den bhliain 2024.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas: