Comhráite faoin Aeráid 2024
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán oscailte
Tá an Comhrá faoin Aeráid 2024 ar oscailt anois. Tá fáilte roimh dhaoine ar fud na tíre a dtuairimí a chur in iúl faoin dóigh ar féidir le gach duine dínn ár gcuid féin a dhéanamh chun ár dtodhchaí inbhuanaithe a áirithiú.
Tá a ról féin le himirt ag an rialtas, ag pobail, ag an lucht tionscail agus ag daoine aonair i gcabhrú le hÉirinn aistriú chuig todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de. Ba mhaith linn a chloisteáil conas is féidir linne, mar rialtas, daoine a mhealladh, a chumasú agus a chumhachtú chun dul i mbun gnímh agus an acmhainneacht a bhaineann leis an aistriú i dtreo neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach.
Má thagaimid chun bheith inár sochaí atá athléimneach ó thaobh carbóin de, cabhrófar linn déileáil leis na tionchair atá ag aeráid a bhíonn ag athrú. Táimid meáite ar an todhchaí sin a bhaint amach trí aistriú cóir, ar dá bharr a chloisfear guth gach duine ar bhealach cóir cothrom, agus cinnteoidh deiseanna nua nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh.
Tá ceistneoir ar líne ar oscailt anois, áit ar féidir le daoine a dtuairimí a chur in iúl ar na nithe seo: an tsiopadóireacht; athúsáid agus athchúrsáil; bia agus dramhaíl bhia; ár dteach a théamh agus maireachtáil inbhuanaithe; agus an timpeallacht áitiúil agus an t-athrú aeráide. Is féidir le daoine a dtuairimí a chur in iúl ar conas is féidir le gníomhartha sna réimsí sin difear dearfach a dhéanamh dár spriocanna aeráide freisin – bíodh na gníomhartha sin á ndéanamh ag daoine aonair, ag an Rialtas nó ag an tsochaí ina hiomláine.
Glac páirt sa Chomhrá faoin Aeráid 2024 tríd an gceistneoir ar líne uainn a líonadh isteach.
Ní gá gur saineolaí aeráide thú le go mbeidh luach le do thuairim – ba mhaith linn tuairimí a fháil óna oiread daoine ar fud na tíre agus is féidir. Is féidir go mbainfidh tú leas as an Treoir ar Bhéarlagair Aeráide de réir mar a léann tú tríd an ábhar agus trí na ceisteanna.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5.30pm an 13 Deireadh Fómhair 2024
Má bhíonn aon deacracht agat an t-ardán ar líne a úsáid, déan teagmháil linn ag ClimateConversation@decc.gov.ie
I gClár an Rialtais, 2020, tugadh gealltanas go laghdódh an tír a hastaíochtaí carbóin faoi 51% faoin mbliain 2030 agus go mbeadh sí neodrach ó thaobh carbóin de tráth nach déanaí ná an bhliain 2050. Ní mór don Rialtas a bheith ina eiseamláir agus ní mór dó córais nua agus bonneagair nua a sholáthar agus tacú le geallsealbhóirí, le fiontair agus le daoine aonair ar fud na sochaí an t-aistriú sin a dhéanamh.
Tá na Comhráite faoin Aeráid ina gcomhpháirt lárnach de chlár bliantúil an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide. Sa bhliain 2021, cuireadh na chéad Chomhráite faoin Aeráid riamh (CC21) ar siúl mar chuid den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide. Ghlac 3,800 rannpháirtí ó áiteanna ar fud na hÉireann páirt in CC21, idir dhaoine den phobal agus ghrúpaí pobail.
Cuireadh leis na díospóireachtaí sin le linn Chomhráite faoin Aeráid 2022 agus 2023 trí chaidreamh breisithe a dhéanamh le geallsealbhóirí, agus sinn ag dul i bhfeidhm ar dhaoine nár ghlac páirt san idirphlé ar an aeráid riamh agus le pobail atá an-leochaileach i leith an aistrithe. Sna blianta 2022 agus 2023, fuaireamar na tuairimí ó níos mó ná 8,000 duine ó áiteanna ar fud na hÉireann ar tarraingíodh a n-aird tríd an gcomhairliúchán ar líne. Foilsíodh na fionnachtana sin le déanaí sa Tuarascáil ar an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 agus baineadh úsáid dhíreach astu chun bonn eolais a chur faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024.
Bhí léargais ó na Comhráite faoin Aeráid mar bhonn eolais faoin bhfeachtas 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide' ón Rialtas. Is é atá san fheachtas seo ná feachtas úrscothach idirchaidrimh agus cumarsáide náisiúnta lena mbunófar conradh sóisialta nua ar an ngníomhú ar son na haeráide chun gach duine sa tsochaí a chumhachtú chun páirt ghníomhach a ghlacadh inár n-aistriú chuig todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de ar bhealach atá cothrom, cothromasach agus inrochtana.
Díreoidh an feachtas 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide' ar chluinstin ó phobail áitiúla agus ar obair i gcomhar leo – agus é ag labhairt go díreach le daoine chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac. Díreoidh an feachtas seo ar dhaoine agus áiteanna áitiúla, agus gníomhartha ar son na haeráide atá deartha agus forbartha ag na pobail féin á spreagadh agus á gcothú.
Thar an mbliain atá le teacht, oibreoidh an feachtas i gcomhar le grúpaí fud fad na tíre chun cur leis an méid ollmhór oibre atá ar siúl cheana féin i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide, chun tacú le grúpaí nuair is gá, agus chun tuilleadh daoine a spreagadh dul i mbun gníomhartha ar son na haeráide le chéile.
Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, tugtar gealltanas go neartófaí an conradh sóisialta idir an Rialtas agus muintir na hÉireann maidir le gníomhú ar son na haeráide. Is é atá i gComhrá faoin Aeráid 2024 ná ardán tábhachtach trínar féidir le daoine a dtuairimí a chur in iúl ar ghníomhú ar son na haeráide, ar conas a dhéanann gníomhú ar son na haeráide difear dóibh agus ar bheartais ar mhaith leo go gcuirfí chun feidhme iad. Cuirfidh an méid sin ar fad leis an obair atá á déanamh faoi láthair ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025.
Tá an Comhrá faoin Aeráid á sheoladh ar aon dul le dianrialacha cosanta sonraí. Ar an gcúis sin, níl sé ar oscailt ach amháin do dhaoine os cionn 16 bliana d’aois. Rachfar i gcomhairle le daoine faoi bhun 16 bliana d’aois trí líonra Chomhairle na nÓg.
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine aonair os cionn 16 bliana d’aois, aon ghrúpa nó aon eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt freisin ar an bhfaisnéis faoi conas a chumhdaímid freagraithe idir 16 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois.