Athbhreithniú ar an Straitéis Tearcrochtana Fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Is ceist chasta í tearcrochtain fuinnimh a bhaineann le hioncam teaghlaigh, le feidhmíocht fuinnimh a dtithe, agus le costas an fhuinnimh a úsáidtear chun a dteach a théamh, a chumhachtú agus a aeráil.
Sa Straitéis chun Tearcrochtain Fuinnimh a Chomhrac , a foilsíodh sa bhlian 2016, leagadh amach roinnt gníomhartha a bhí dírithe ar mhaolú a dhéanamh ar ualach na tearcrochtana fuinnimh ar na daoine is leochailí sa tsochaí. Léirigh sé an nasc méadaitheach idir tearcrochtain fuinnimh a mhaolú agus cuspóirí náisiúnta um ghníomhaíocht aeráide a bhaint amach. Maidir leis seo, ceann de phríomhchuspóirí na straitéise ab ea aghaidh a thabhairt ar thearcrochtain fuinnimh trí éifeachtúlacht fuinnimh thithe na ndaoine is mó i mbaol a fheabhsú.
Leagtar amach san Athbhreithniú seo ar Dhul Chun Cinn na gníomhartha a rinneadh, agus na héachtaí a rinneadh ó 2016 i leith, faoi gach ceann de na príomhréimsí fócais atá leagtha amach sa Straitéis. Léiríonn sé go bhfuil, i bhformhór na gcásanna, beartais an Rialtais a cuireadh i bhfeidhm ó foilsíodh an Straitéis tar éis cuspóirí na Straitéise a sheachadadh nó go bhfuiltear ag leanúint orthu ag seachadadh cuspóirí na Straitéise agus, i go leor cásanna, go ndeachaigh siad thar a raibh ar intinn ag an Straitéis a bhaint amach.
In ainneoin dul chun cinn suntasach a bheith déanta chun tearcrochtain fuinnimh in Éirinn a mhaolú, ag an am céanna, léirigh meastacháin a rinne an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) le déanaí, trí úsáid a bhaint as modh amháin chun tearcrochtain fuinnimh a mheas, go bhféadfadh suas le 29.4% de theaghlaigh a bheith i mbaol tearcrochtana fuinnimh, de bharr méaduithe ar an gcostas maireachtála agus ar phraghsanna fuinnimh go háirithe. Ag baint úsáide as an gcur chuige seo, meastar teaghlach a bheith i staid tearcrochtana fuinnimh má chaitheann sé níos mó ná 10% dá ioncam ar sheirbhísí fuinnimh (leictreachas, ola téimh, gás nó breoslaí soladacha).
Leagtar amach sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh conas is féidir leis an Rialtas tionchar éigeandálaí slándála fuinnimh ar thomhaltóirí a bhainistiú, go háirithe iad siúd atá níos leochailí. Le Freagra 6 den Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh, cuirfear pacáiste beart bhfeidhm chun cosaintí a fheabhsú do chustaiméirí atá i mbaol airgeadais agus do chustaiméirí i bhfiacha faoi Ráithe 3 - roimh an chéad séasúr teasa eile.
Mar sin féin, tá sé tábhachtach go dtabharfar aghaidh ar thearcrochtain fuinnimh sa mheántéarma agus san fhadtéarma chomh maith le trí thacaíochtaí gearrthéarmacha níos láithrí. Agus na dúshláin nua seo agus an gá atá le gníomhaíocht leanúnach seo á n-aithint, tá Plean Gníomhaíochta Tearcrochtana Fuinnimh nua á fhorbairt anois. Leis an bPlean, leanfar ar aghaidh ag seachadadh cuspóirí na Straitéise trí bhearta meántéarmacha agus fadtéarmacha chun tearcrochtain fuinnimh a mhaolú, chomh maith le trí bhearta níos gearrthéarmaí a leagan amach a theastaíonn chun ullmhacht don gheimhreadh a chinntiú do theaghlaigh atá i mbaol tearcrochtana fuinnimh.
Chun cabhrú le forbairt an Phlean agus bonn a chur leis, táimid anois ag tabhairt cuireadh do pháirtithe leasmhara freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna comhairliúcháin phoiblí sa roinn deireanach den Athbhreithniú seo (leathanach 40). Tá ceisteanna an chomhairliúcháin le fáil sa dara doiciméad thíos freisin.
Straitéis chun Tearcrochtain Fuinnimh a Chomhrac – Athbhreithniú ar Dhul Chun Cinn agus Comhairliúchán Poiblí
Plean Gnímh Tearcrochtana Fuinnimh - Páipéar Comhairliúcháin
Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 5.30 i.n. Dé Luain, an 5 Meán Fómhair 2022
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig Energy.Efficiency@decc.gov.ie nó trí phost chuig:
Comhairliúchán Tearcrochtana Fuinnimh
An Rannán Éifeachtúlachta Fuinnimh Cónaithe
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath D02 X285
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Phlean Gníomhaíochta um Tearcrochtain Fuinnimh.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a fhaightear ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Athbhreithneoimid sonraí pearsanta roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir cá bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó nach bhfoilseofaí ar bhealach eile í.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.