An Comhrá faoin Aeráid 2022
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá an Comhrá faoin Aeráid 2022 ar oscailt anois. Tugtar cuireadh do dhaoine ar fud na tíre a gcuid a rá faoi conas is féidir linn go léir ár bpáirt a ghlacadh chun ár dtodhchaí inbhuanaithe a dhaingniú.
D’fhonn ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach, beidh gá le hathruithe in go leor gnéithe dár saol, lena n-áirítear ár dtithe agus ár n-ionaid oibre, conas a sholáthraímid teas agus cumhacht dóibh, conas a thaistealaímid, conas a fhásaimid ár gcuid mbia, an méid dramhaíola a chruthaímid agus conas a bhainistímid an dramhaíl sin. Ní mór do gach duine, an Rialtas, pobail agus daoine aonair san áireamh, obair le chéile chun a chinntiú go mbeidh Éire neodrach ó thaobh carbóin de chun todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach.
Má eirímid inár sochaí athléimneach ó thaobh na haeráide de, cabhróidh sé linn déileáil leis na tionchair a bheidh ag athruithe san aeráid agus tá gealltanas tugtha againn an todhchaí seo a bhaint amach le haistriú a bheidh ceart cóir, a chiallaíonn go n-éistfear go cothrom le gach uile ghlór, agus go mbeidh deiseanna nua ann do gach uile dhuine.
Tá ceistneoir ar líne ar oscailt anois inar féidir le daoine a gcuid tuairimí a roinnt maidir le siopadóireacht, athúsáid agus athchúrsáil, bia agus dramhaíl bia, ár dtithe a théamh agus slí mhaireachtála inbhuanaithe, an timpeallacht áitiúil agus athrú aeráide. Is féidir le daoine freisin a gcuid a rá faoi conas is féidir le gníomhartha sna réimsí sin – ag daoine aonair, ag an Rialtas nó ag an tsochaí ina hiomláine – dul i bhfeidhm go dearfach ar ár spriocanna aeráide.
Bí páirteach sa Chomhrá faoin Aeráid 2022 trínár gceistneoir ar líne a líonadh.
Ní gá gur saineolaí aeráide thú le go mbeidh luach le do thuairim, óir ba mhaith linn tuairim óna oiread daoine agus is féidir. D’fhéadfadh an Treoir ar Bhéarlagair Aeráide a bheith ina chabhair agus an t-ábhar agus na ceisteanna á léamh agat.
Is é an spriocdháta d’aighneachtaí 5.30 i.n. Dé Luain, an 3 Deireadh Fómhair 2022
Má tá aon deacracht agat an t-ardán ar line a úsáid, dean teagmháil linn, le do thoil, ag ClimateConversation@decc.gov.ie
In Éirinn, gheall Clár an Rialtais 2020 (PfG) d'Éirinn astaíochtaí carbóin a laghdú 51% faoi 2030 agus a bheith ina tír atá neodrach ó thaobh carbóin de tráth nach déanaí ná 2050. In 2021, ritheamar an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 ina gcumhdaítear an sprioc sin sa reachtaíocht. I mí na Nollag 2021, d'fhoilsíomar Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 , arb é an treochlár é seo a bhaint amach.
Bunaíodh an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide (NDCA) chun rannpháirtíocht sa ghníomhú aeráide a mhaoiniú, a thacú agus a chumasú ar gach leibhéal, agus chun rannpháirteachas sa Chomrá faoin Aeráid a mhealladh agus a chumhachtú. Mar chuid den Chomhrá faoin Aeráid 2021, phléamar le beagnach 4000 duine trí shuirbhé ar line agus trí cheardlanna le Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (PPNanna) agus le daoine óga. Foilsíodh na torthaí sin inár dTuarascáil um Chomhráite faoin Aeráid agus chuir siad bonn eolais go díreach faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021.
Táimid ag forbairt anois an chéad Phlean Gnímh don Aeráid eile agus tá fáilte roimh gach duine ar fud na hÉireann a bheith páirteach sa phróiseas.
Déantar an Comhrá faoin Aeráid i gcomhréir le rialacha diana chosaint sonraí agus mar gheall air sin caithfidh tú a bheith 16 bliana d’aois ar a laghad chun páirt a ghlacadh ann. Rachfar i gcomhairle le daoine faoi bhun 16 bliana d’aois trí líonra Chomhairle na nÓg.
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine atá os cion 16 bliana d’aois, grúpa nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh de Phlean Gnímh don Aeráid 2022.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (ASF), na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (RFC) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Athbhreithneoimid sonraí pearsanta roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir cá bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo go scaoilfí í faoi SF, RFC nó nach bhfoilseofaí ar bhealach eile í.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.
Ba mhaith linn freisin d’aird a tharraingt ar an bhfhaisnéis faoin gcosaint a chuirtear ar fáil do fhreagróirí idir 16-18 mbliana d’aois.