Comhairliúchán Poiblí ar an Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2024 – 2034
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Cuireadh síneadh leis an gcomhairliúchán poiblí go dtí an 15 Aibreán 2024 .
Roimh thabhairt chun críche na Dréachtstraitéise don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2024-2034, tá an roinn ag lorg aon tuairimí ar a fís, a dréachtspriocanna, a cuspóirí straitéiseacha, agus a gníomhartha agus ar na dúshláin a bhaineann leis an straitéis a chur i gcrích.
Is é an cuspóir atá le Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2024 – 2034 ná creat uileghabhálach a chur ar fáil chun Coinbhinsiún 1972 EOECNA maidir le hOidhreacht Dhomhanda a chur i bhfeidhm go héifeachtach sna deich mbliana amach romhainn.
Is iad seo a leanas na príomhchúiseanna leis an straitéis náisiúnta seo a fhorbairt:
Tá eolas cúlra breise faoin Dréachtstraitéis ar fáil i ndoiciméad an chomhairliúcháin phoiblí, ar féidir í a íoslódáil thíos.
Baineann an Straitéis leis an Oidhreacht Dhomhanda a thagraíonn do láithreáin oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha, do shéadchomharthaí, d’fhoirgnimh, d’áiteanna agus do thírdhreacha a bhfuil tábhacht chultúrtha, stairiúil, eolaíoch nó cineálacha eile tábhachta ag baint leo.
Déileáiltear leis an oidhreacht bheo, amhail cleachtais agus léirithe cultúrtha, ar leithligh mar Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe (faoi Choinbhinsiún 2003 EOECNA maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe a Chosaint).
Tá cuireadh á thabhairt againn d’aon duine, do ghrúpaí nó d’eagraíochtaí ar spéis leo a dtuairimí faoin Straitéis a roinnt tríd an suirbhé ar líne seo a chomhlánú.
Tá an suirbhé á óstáil ar EUSurvey, ardán suirbhé a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach. Úsáid brabhsálaithe Chrome/Edge/Safari/Firefox chun an suirbhé ar líne a chomhlánú .
Is é 9pm Dé Céadaoin an 10 Aibreán 2024 an dáta deiridh le haghaidh suirbhéanna comhlánaithe.
Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2024 – 2034
Comhairliúchán Poiblí Doiciméad maidir le Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2024 – 2034
Comhairliúchán Poiblí ar an Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2024 – 2034 – Ráiteas Príobháideachta
Strategy for World Heritage in Ireland 2024 – 2034 - Screening for SEA - Determination Letter
Tá gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid na roinne chun na críche sin faoi réir a n-eisiúna faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d'aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d'aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Tá ráiteas príobháideachais a bhaineann le haon sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a sholáthar ar fáil le híoslódáil faoi cheannteideal na nDoiciméad.
Déanfar d’aiseolas a thaifeadadh, a chomhthiomsú, a anailísiú, agus a mheas chun athruithe iomchuí ar an Dréachtstraitéis a chinneadh. Tabhair faoi deara gur féidir leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta achoimre ar thorthaí an tsuirbhé a fhoilsiú agus sonraí anaithnide ó na freagraí a fuarthas a fhoilsiú freisin.
Tabhair faoi deara gur féidir aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil (gan faisnéis phearsanta) ar shuíomh gréasáin na roinne (worldheritageireland.ie) agus gur féidir iad a roinnt, mura n-iarrtar a mhalairt. In aon chás, beidh aon aighneachtaí faighte faoi réir na forálacha ag baint leis an Acht um Shaoráil Faisnéise agus reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí.