An Comhrá faoin Aeráid – Plean Gnímh don Aeráid 2021
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Is ionann an Plean Gnímh don Aeráid agus treoir na hÉireann chun geilleagar neodrach agus athléimneach ó thaobh na haeráide de a chruthú faoi 2050. Ciallaíonn sé seo gur gá laghdú mór millteach a chur ar an méid gáis cheaptha teasa a scaoiltear amach san atmaisféar, agus go ndéantar sin a chothromú leis an méid a bhaineann an talamh, an fhoraoiseacht, nó an teicneolaíocht as. Má éirímid inár sochaí athléimneach ó thaobh na haeráide de, cabhróidh sin linn déileáil leis na tionchair a bheidh ag athruithe san aeráid. Tá gealltanas tugtha ag Éirinn an todhchaí seo a bhaint amach le haistriú a bheidh ceart cóir, a chiallaíonn go n-éistfear go cothrom le gach uile ghlór, agus go mbeidh deiseanna nua ann do gach uile dhuine.
Táimid ag forbairt anois an Phlean Gnímh don Aeráid 2021 agus ba mhaith linn bhur dtuairimí faoi conas is féidir linn Éire a athrú ó bhonn agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine tabhairt faoina mbearta aeráide féin. Tá cuireadh ortsa bheith páirteach sa Chomhrá seo faoin Aeráid agus do thuairimí a roinnt maidir le bearta aeráide an rialtais agus conas is féidir tacú leatsa beartú ar son na haeráide i do shaol féin. Beidh do thuairimí mar chuid den Chomhrá Náisiúnta faoin nGníomhú ar son na hAeráide, agus cabhróidh siad le rannpháirtíocht agus cumarsáid le daoine maidir le gníomhú ar son na hAeráide in Éirinn amach anseo.
Ní gá gur saineolaí aeráide thú le go mbeidh luach le do thuairim, óir ba mhaith linn tuairim óna oiread daoine agus is féidir.
Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí 5.30pm an 18 Bealtaine 2021 agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne nó tríd an ardán comhairliúcháin atá againn. Sa chás go mbeadh sé deacair agat aighneacht a chur isteach ar líne, nó gur mhaith leat aighneacht a dhéanamh sa phost, sa ríomhphost nó trí mheán na Gaeilge, cuir ríomhphost chugainn ag ClimateConversation@decc.gov.ie
Tabhair do d’aire go bhfuil freagraí don chomhairliúchán seo faoi réir ag forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rialacháin maidir le Rochtain na Faisnéise faoi Chúrsaí Comhshaoil 2007-2014 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Is féidir go bhfoilseoidh an Roinn ábhar gach aighneachta a gheofar ar a suíomh gréasáin, ach cuirfidh an Roinh folach ar gach uile shonra pearsanta roimh fhoilsiú. Agus freagra á chur ar an gcomhairliúchán seo, ba chóir do dtabharfadh páirtithe le fios má tá ina bhfreagra aon fhaisnéis phearsanta, faisnéis leochaileach ó thaobh na trádála de nó faisnéis rúnda arbh fhearr leo nach scaoilfí faoi FOI, AIE ná go bhfoilseofaí ar bhealach eile é.
Ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar Fhógra Príobháideachais na Roinne a mhíníonn conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid sin agus cad a dhéanaimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ansin chomh maith do chearta maidir le bailiú sonraí pearsanta agus conas is féidir na cearta sin a fheidhmiú.