Comhairliúchán Poiblí ar Chreat Beartais Turasóireachta Nua
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, suirbhé ar líne chun tuairimí ón bpobal a lorg maidir le Creat Beartais Turasóireachta nua a chur i gcrích don tréimhse suas go dtí 2030. Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar líne go dtí 5i.n. 26 Aibreán, 2024.
Cé go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh earnáil na turasóireachta le blianta beaga anuas, bhí ról lárnach aici i dtéarnamh eacnamaíoch na hÉireann. Beidh sé mar aidhm ag an gCreat Beartais nua na bunchlocha a sholáthar chun a chinntiú go leanfar leis an bhfeidhmíocht láidir seo sna blianta amach romhainn ach chomh maith leis sin go mbeidh an turasóireacht bunaithe ar phrionsabail inbhuanaithe agus go nglacfar ról san earnáil i mbaint amach spriocanna náisiúnta aeráide.
Suirbhé
Is cuid lárnach den phróiseas comhairliúcháin é an suirbhé seo, agus tugtar deis ann eolas a chur ar fáil d’fhorbairt beartais. Cé go mbeidh sé mar aidhm ag an mBeartas earnáil turasóireachta rathúil a bheith ann, ba cheart go mbeadh sé mar cheann atá ag teacht lenár spriocanna inbhuanaitheachta níos leithne agus ina gcinnteofar go bhfuil Éire ina ceannaire branda i gcleachtais turasóireachta inbhuanaithe. Sa Chreat Beartais nua féachfar le tacú le forbairt inbhuanaithe turasóireachta i bpobail ar fud na tíre, ár n-acmhainní nádúrtha a chosaint agus ag an am céanna laghdófar astuithe carbóin na hearnála turasóireachta ar an iomlán.
Tógann an comhairliúchán poiblí seo ar chomhairliúcháin shoiléire earnála agus páirtithe leasmhara a rinneadh cheana ar fud earnáil na turasóireachta. Tá an ceistneoir féin bunaithe go príomha ar threoirphrionsabail thuarascáil an Ghrúpa Oibre um Thurasóireacht Inbhuanaithe, a bunaíodh faoin bPlean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021 ach tugtar deis ann freisin aon tuairimí eile a thabhairt ar cad ba cheart a chur san áireamh sa Chreat Beartais nua. I measc na n-ábhar a chlúdaítear sa cheistneoir tá conas turasóirí a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar chinn scríbe nach bhfuil seanbhunaithe agus taisteal lasmuigh den bhuaicshéasúr ach conas lorg carbóin na hearnála a laghdú chomh maith.
Cuir isteach do chuid freagraí roimh an 5i.n. 26 Aibreán tríd an suirbhé ar líne thíos.
Ní dhéanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tuairisciú ach ar thorthaí ag leibhéal comhiomlán. Cuirfimid ceist ort ag tús an tsuirbhé má thugann tú cead do shonraí a bhailiú agus a stóráil. Áireoidh sé seo sleachta a chuirtear ar fáil in aon fhreagraí insinte. Ní bheidh aon sleachta a úsáidtear inchurtha i leith aon duine aonair.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Ní gá gach cuid a fhreagairt. B’fhéidir gur mhaith leat díreach freagra a thabhairt ar cheisteanna a bhfuil spéis ar leith agat iontu. Más mian leat dul i dteagmháil leis an Roinn faoin suirbhé seo, seol ríomhphost chuig Tourismpolicy@tcagsm.gov.ie , le do thoil.
Nasc chuig an suirbhé ar líne thíos. Cliceáil ar "Féach ar chomhairliúchán".