Gheilleagar Oíche Suirbhé
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá an suirbhé seo á reáchtáil thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Is é cuspóir an tsuirbhé ná tuiscint a fháil ar an eispéireas a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas sa gheilleagar oíche.
Má tá an Geilleagar Oíche chun a bheith ionchuimsithe agus éagsúil i ndáiríre, tá sé ríthábhachtach go ndéanann muid iniúchadh ar na ceisteanna atá ann do dhaoine agus Ealaíontóirí faoi mhíchumas, agus iad siúd faoi mhíchumas intleachtúil, ionas gur féidir réitigh a aimsiú le chéile ar conas an cuspóir seo a thabhairt i gcrích.
Forbraíodh an taighde seo i gcomhar le daoine agus eagraíochtaí ó na pobail seo. Gabhann muid ár bhfíorbhuíochas le gach duine a ghlac an t-am chun cuidiú a thabhairt dúinn ina leith seo.
Tá an suirbhé seo ar oscailt go dtí an 24ú Meitheamh 2024
Más duine faoi mhíchumas, ealaíontóir faoi mhíchumas atá ag obair sa Gheilleagar Oíche, nó eagraíocht atá ag obair le daoine faoi mhíchumas thú, fáiltíonn muid romhat páirt a ghlacadh sa taighde seo trínár suirbhé ar líne a chomhlíonadh.
Cliceáil anseo le haghaidh an phríomhsuirbhé.
Cliceáil anseo le haghaidh suirbhé na n-eagraíochtaí.
Más mian leat an suirbhé a líonadh trí Ghaeilge, is féidir leat é sin a dhéanamh anseo
Le haghaidh eolais faoin tsuirbhé, agus más mian leat cloisteáil ónár n-aoichainteoir Louise Bruton agus í ag labhairt faoina taithí mar ealaíontóir agus mar phátrún sa Gheilleagar Oíche, tá fáilte romhat ár bhfíseán a choimhéad thíos.
https://youtu.be/hPtevnS8UJE
Tá cóipeanna priontáilte de gach suirbhé ar fáil ach iad a iarraidh: Déan teagmháil linn ag nte@tcagsm.gov.ie . Caithfear na cóipeanna priontáilte comhlíonta a chur ar ais faoi 24ú Meitheamh 2024.
Más duine faoi mhíchumas intleachtúil thú, nó más duine thú atá ag cuidiú le duine atá faoi mhíchumas intleachtúil, tá trí bhealach trínar féidir leat an suirbhé a chomhlíonadh:
1. Líon amach an suirbhé soléite ar líne anseo
2. Priontáil an PDF soléite anseo , comhlíon de láimh é agus cur ar ais chugainne trí phost é go hAonad an Gheilleagair Oíche, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, 3ú hUrlár, Teach an tSeoighigh, Sráid Lombard, Baile Átha Cliath 2 / déan é a scanadh agus cur trí ríomhphost é go nte@tcagsm.gov.ie .
3. Déan teagmháil linn ag nte@tcagsm.gov.ie más mian leat go seolfaidh muid cóip chrua den tsuirbhé chugat. Is féidir leat ansin é a chomhlíonadh de láimh agus é a chur ar ais chugainn tríd an phost, nó é a scanadh agus a chur chuig nte@tcagsm.gov.ie .
Cliceáil ar an nasc this link seo i gcomhair treorach maidir le conas an suirbhé soléite a chomhlíonadh.
Má tá ceisteanna ar bith agat, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag an tseoladh ríomhphost thuas.