Comhairliúchán Poiblí: Nuashonrú ar an gCreat Beartais Náisiúnta do Bhonneagar Breoslaí Malartacha le haghaidh Iompair
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá comhairliúchán poiblí sé seachtaine seolta ag an Aire Iompair, Eamon Ryan, ag lorg aighneachtaí ó raon leathan páirtithe leasmhara san earnáil iompair agus fuinnimh chun bonn eolais a chur ar fáil chun Nuashonrú ar an gCreat Beartais Náisiúnta do Bhonneagar Breoslaí Malartacha le haghaidh Iompair a fhorbairt.
Is é cuspóir dhoiciméad an Pháipéir Buncheisteanna agus an ghlao ar aighneachtaí ná aighneachtaí a lorg ó phríomhpháirtithe leasmhara agus ó gach páirtí a bhfuil spéis acu i bhforbairt, rialáil agus úsáid an bhonneagair breoslaí malartacha san earnáil iompair.
Beidh na haighneachtaí a gheofar de bhun an pháipéir buncheisteanna seo mar bhonn eolais chun Creat Beartais Náisiúnta nuashonraithe do Bhonneagar Breoslaí Malartacha le haghaidh Iompair a ullmhú, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2023/1804 (AFIR) a glacadh le déanaí maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE, a tháinig i bhfeidhm go hiomlán ar fud Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh an 13 Aibreán 2024.
Leis an gcreat beartais nuashonraithe sin, déanfar athbhreithniú ar an gCreat Beartais Náisiúnta do Bhonneagar Breoslaí Malartacha don Iompar in Éirinn 2017-2030 atá ann cheana agus tiocfaidh an creat beartais nuashonraithe ina áit, chun na spriocanna agus na ceanglais éigeantacha a bunaíodh le déanaí maidir le bonneagar breoslaí malartacha atá leagtha amach faoi AFIR a léiriú, chomh maith leis an éabhlóid atá tagtha ar an mbeartas náisiúnta agus ar an uaillmhian aeráide ó glacadh an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (2014/94/AE) a bhí ann roimhe seo.
Tá coinne ag an Roinn Iompair leis dréacht-chreat beartais nuashonraithe a chur chun cinn agus a fhoilsiú le haghaidh tuilleadh comhairliúcháin sa dara leath de 2024, agus caithfidh sí creataí beartais deiridh a chur faoi bhráid Choimisiún an Aontais Eorpaigh faoin 31 Nollaig 2025.
Tá an comhairliúchán seo oscailte do gach páirtí lena dtuairimí a thabhairt, ach tá coinne leis go mbeidh spéis ar leith ag comhlachtaí áirithe ann, ar comhlachtaí iad atá (nó a bhfuil coinne leis go mbeidh siad):
• rannpháirteach i bpointí luchtaithe feithiclí leictreacha a mhonarú, a shuiteáil, a úsáid, a oibriú, nó ina n-úinéirí orthu;
• rannpháirteach i mbonneagar athbhreoslaithe meatáin leachtaigh nó i mbonneagar athbhreoslaithe hidrigine leachtaí a mhonarú, a shuiteáil, a úsáid, a oibriú nó ina n-úinéirí orthu;
• ina n-oibreoirí córas tarchurtha fuinnimh agus/nó córas dáileacháin fuinnimh;
• ina n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla;
• ina n-oibreoirí iompair phoiblí, lastais agus lóistíochta, ina n-oibreoirí loingseoireachta, ina soláthraithe seirbhísí eitlíochta agus ina n-údaráis aerfoirt agus calafoirt;
• rannpháirteach i dtaighde agus forbairt in earnálacha an iompair agus an fhuinnimh; nó
• ina gcomhlachtaí eile san earnáil phoiblí, ina ngnólachtaí, ina gcomhlachtaí tionscail agus ina gcomhlachtaí ionadaíochta in earnálacha an iompair agus an fhuinnimh.
Ba cheart an páipéar buncheisteanna seo a léamh in éineacht le Rialachán (AE) 2023/1804 chun tuiscint iomlán a fháil ar na ceanglais shainordaithe agus ar na ceisteanna a chuirtear.
Iarrann an Roinn go gcuirfear gach freagra agus aighneacht ar an bpáipéar buncheisteanna seo ar aghaidh chuig climateengagement@transport.gov.ie tráth nach déanaí ná am scoir gnó Dé hAoine, an 14 Meitheamh leis an teideal seo: 'Páipéar Buncheisteanna AFIR: Freagra ó [Eagraíocht | Duine Aonair]’.
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn Iompair faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Agus freagra á thabhairt acu ar an nglao seo ar aighneachtaí, ba cheart do rannpháirtithe a thabhairt dá n-aire go bhfoilseofar aighneachtaí ar líne tar éis dheireadh na tréimhse comhairliúcháin agus athbhreithnithe.
I gcás ina mbeidh mar chuid de do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo aon fhaisnéis íogair nó aon fhaisnéis nach mian leat a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, faoi AIE nó nach mian leat go bhfoilseofaí ar aon slí eile í, cuir in iúl go soiléir cá háit i do fhreagra a bhfuil faisnéis den sórt sin. D'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:
• faisnéis phearsanta
• faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
• faisnéis rúnda
Chun amhras a sheachaint, níor cheart d'fhreagróirí a mhaíomh go bhfuil an aighneacht go léir rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de, ní mór dóibh na codanna sonracha ina bhfuil an fhaisnéis sin a shainaithint go soiléir.
Tá ráiteas príobháideachais na Roinne ar fáil le léamh go hiomlán anseo.