Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2024-2026 na Roinne
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cén fáth go bhfuil comhairliúchán á sheoladh againn
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2024 – 2026 faoi láthair.
Léiríonn Ráiteas Straitéise na Roinne gealltanais na Roinne mar atá sa Chlár Rialtais – Ár dTodhchaí Roinnte , sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus sa Chreat Náisiúnta Pleanála i measc cinn eile. Feidhmíonn an Ráiteas Straitéise mar chreat d’obair na Roinne, agus tá sé bunaithe ar mhisean agus ar sheacht sprioc straitéiseacha na Roinne. Soláthraíonn sé eolas ar conas a dhéanfar monatóireacht ar dhul chun cinn maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach, trí aschuir, torthaí agus táscairí feidhmíochta intomhaiste a shainaithint.
Is ionann Ráiteas Straitéise 2024-2026 agus deis chun an dul chun cinn atá déanta agus comhthéacs éabhlóideach na dtrí bliana atá caite a chur san áireamh, chun seasamh níos eolasaí don tréimhse 2024-2026 a léiriú agus a chur i láthair.
Tá aighneachtaí á lorg ag an Roinn anois maidir lena Ráiteas Straitéise. Seol d’aighneacht chuig strategy@housing.gov.ie .
Glacfar le haighneachtaí go dtí 5pm, Dé hAoine, an 09 Lúnasa 2024.
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Cé is moite d’ainm agus de sheoladh, níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda ná íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht nó i do thuairimí agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá i d’aighneacht a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Tabhair faoi deara le do thoil, ar mhaithe le trédhearcacht, go ndéanfar gach aighneacht scríofa a gheofar a phostáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.