Comhairliúchán Poiblí ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí ábhartha agus ó dhaoine den phobal ar an dréacht-Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe.
An Creat Náisiúnta Oiriúnaithe
Is é atá san oiriúnú don athrú aeráide ná an próiseas chun coigeartú d’athrú aeráide iarbhír nó ionchais agus dá éifeachtaí iarbhír nó ionchais. Ní freagairt éigeandála aonuaire é. Ina ionad sin, is é atá ann ná sraith beart réamhghníomhach a dhéantar le himeacht ama chun cur lena athléimní atá ár ngeilleagar agus ár sochaí in aghaidh thionchair an athraithe aeráide. Is é an aidhm dheiridh atá leis an oiriúnú ná íoslaghdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide agus uasmhéadú a dhéanamh ar aon deiseanna a thiocfaidh chun cinn.
Cé go mbíonn tuilleadh aitheantais á thabhairt i gcónaí ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta ar an tábhacht a bhaineann leis an oiriúnú, léirítear i roinnt tuarascálacha go bhfuil easpa ghinearálta ullmhachta ann ar fud an domhain. Is rímhinic a fheictear agus a chloistear tuairiscí sna meáin ar eachtraí adhaimsire agus ar a dtionchair, agus is gné mhéadaitheach den cheapadh beartas domhanda é an méadú i ndéine agus minicíocht na n-eachtraí adhaimsire de dheasca an athraithe aeráide. Briseadh a lán taifead réigiúnach teochta i mí Iúil 2023 mar thoradh ar thonnta teasa fhoircnigh ar fud na hEorpa. An tráth céanna, bhí falscaithe marfacha ann ar fud Haváí, Cheanada agus Ródas, an t-oileán Gréagach. Bhí na falscaithe sin ina gcúis leis an mbás agus le scriosadh réadmhaoine ar fud réigiúin mhóra sa ghearrthéarma. Beidh tionchair fhadtéarmacha acu freisin, agus tógfaidh sé roinnt blianta, nó cúpla scór bliain nó níos mó, fiú, chun téarnamh ó na tionchair sin.
D’fhulaing Éire roinnt eachtraí adhaimsire ardphróifíle le déanaí freisin, agus tharraing na heachtraí sin aird an phobail ar an ngá atá ann le bearta éifeachtacha um oiriúnú don athrú aeráide chun athléimneacht a chothú in aghaidh thionchair an athraithe aeráide. Déanfaidh tionchair eile an athraithe aeráide difear suntasach do chuid mhór réimsí den saol in Éirinn idir an meántéarma agus an fadtéarma freisin.
In Éirinn, de réir sonraí ó Met Éireann, ba é 2023 an blian is teo ar thaifead. Bhí Meitheamh 2023 níos mó ná leath céime níos teo ná an Meitheamh is teo roimhe sin ar taifead (1940). Bhí Iúil 2023 ar an Iúil is fliche ar taifead riamh in Éirinn freisin, agus é ceithre huaire níos fliche ná Iúil 2022. Tá sé tuartha go n-éireoidh adhaimsir níos coitianta thar na blianta atá le teacht agus go ndéanfaidh sí difear do chuid mhór gnéithe dár ngeilleagar agus dár sochaí.
De réir fhorálacha na nAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021, d’fhoilsigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Creat Náisiúnta Oiriúnaithe sa bhliain 2018. Rinneadh athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe atá ann cheana sa bhliain 2022, ar lena linn a fuarthas aiseolas ó phríomh-Gheallsealbhóirí Earnála, Roinne agus Gníomhaireachta agus ón bpobal. Moladh san Athbhreithniú sin go ndréachtófaí Creat Náisiúnta Oiriúnaithe nua.
Tá dréacht-Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe nua á fhoilsiú anois le haghaidh tréimhse comhairliúcháin phoiblí reachtúil. Tar éis an chomhairliúcháin, cuirfear an Creat nua in ionad an Chreata atá i bhfeidhm ón mbliain 2018 i leith, faoi réir ceadú a fháil ón Rialtas.
Sa dréacht a foilsíodh le haghaidh comhairliúcháin, leagtar amach an beartas agus an comhthéacs don bheartas oiriúnaithe in Éirinn agus an dóigh a ndéanfaidh an Rialtas an t-oiriúnú don athrú aeráide a phleanáil agus a chur chun feidhme in Éirinn thar an gcéad chúig bliana eile. Is ionann foilsiú an dréachta agus céim eile i dtreo Éire a aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin mbliain 2050.
Le cuid thábhachtach den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe, ceanglaítear ar phríomhearnálacha a thagann faoi shainchúram Airí iomchuí den Rialtas pleananna reachtúla oiriúnaithe earnála a ullmhú. Ceanglaítear ar údaráis áitiúla Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a ullmhú freisin. Tá obair ar na Pleananna Údaráis Áitiúil sin ar siúl i ngach údarás áitiúil faoi láthair. Tosófar ag obair ar na pleananna earnála laistigh de gach Roinn Rialtais a bheidh sainaitheanta sa leagan deiridh den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe tar éis don Rialtas an Creat a cheadú. Tá an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe ábhartha do gheallsealbhóirí eile freisin, amhail Gníomhaireachtaí Rialtais, comhlachtaí tráchtála Leathstáit, pobail agus an earnáil phríobháideach.
Ullmhófar dréacht athbhreithnithe den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe tar éis an chomhairliúcháin phoiblí seo agus cuirfear faoi bhráid an Rialtais é lena cheadú aige sa bhliain 2024.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le d’aighneachtaí ná 5.30pm an 19 Feabhra 2024
Seol d’aighneachtaí le ríomhphost chuig NationalAdaptationFramework@decc.gov.ie agus ‘Comhairliúchán ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe’ á scríobh agat i líne an ábhair, nó le casadh an phoist chuig:
Comhairliúchán Poiblí ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe
An Rannán um Choinbhinsiún Aarhus, Oiriúnú don Athrú Aeráide, Rannpháirtíocht Saoránach agus Rialtas Áitiúil
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
D02 X285
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta i bhfolach (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas: