Comhairliúchán maidir le hAthbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá an t-athrú aeráide de bharr an duine, lena n-áirítear teagmhais fhoircneacha níos minice agus níos déine, tar éis tionchair fhorleathana agus shuntasacha ar an dúlra agus ar dhaoine a bheith ann cheana féin agus tá na milliúin faoi lé géar-éiginnteacht bia agus laghdú ar shlándáil uisce ar fud an domhain.
Deimhnítear i dtuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide le déanaí Climate Change report - Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability go bhfuil na tionchair aeráide seo ina réaltacht do-aisiompaithe anois do gach tír lena n-áirítear Éire.
Tá straitéis na hÉireann maidir le bearta oiriúnaithe aeráide a chur i bhfeidhm chun leochaileacht an Stáit d’iarmhairtí diúltacha an athraithe aeráide a laghdú agus chun deiseanna a lorg le haghaidh aon éifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh tarlú sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe 2018.
Ba í an fhís straitéiseach don Chreat ‘Éire athléimneach ó thaobh na haeráide’ a fhorbairt. Leagann sé amach fís ardleibhéil maidir le hacmhainn chórais shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil na hÉireann chun dul i ngleic le hathrú aeráide trí fhreagairt nó atheagrú ar bhealaí a choinníonn a bhfeidhm, a bhféiniúlacht agus a struchtúr, agus a fhorbraíonn cumas oiriúnaithe, foghlama agus claochlaithe freisin.
Tá sé mar phríomhchuspóir ag an NAF fócas soiléir agus láidir a thabhairt ar na dúshláin agus ar na deiseanna chun aistriú chuig todhchaí atá athléimneach ó thaobh na haeráide de. Tá sé tábhachtach freisin go bhfuil gá le clár oibre trasdula náisiúnta a bheidh dírithe go dearfach agus atá costéifeachtach. Tá an Creat á athbhreithniú againn anois.
Iarraimid ar an bpobal agus ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh don athbhreithniú anseo.
Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 5.30 i.n., Dé Céadaoin 20 Iúil 2022
Is féidir páirt a ghlacadh san athbhreithniú tríd ár gceistneoir ar líne a líonadh amach.
Má tá fadhb agat an ceistneoir a líonadh amach nó más fearr leath aighneacht a sheoladh ag úsáid ríomhphost nó freagra a sheoladh chugainn as Gaeilge tríd an post seol ríomhphost chuig NationalAdaptationFramework@decc.gov.ie
Comhairliúchán maidir le hAthbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den [Doiciméad Beartais/Scéim].
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Athbhreithneoimid sonraí pearsanta roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir cá bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó nach bhfoilseofaí ar bhealach eile í.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár Data Privacy Notice bhFógra Príobháideachta Sonraí a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.