Comhairliúchán ar Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá an Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag obair i dteannta a chéile ar fhorbairt na straitéise a thiocfaidh i ndiaidh an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus don Saol agus an tAthbhreithniú Eatramhach den Straitéis Náisiúnta.
Tá próiseas comhairliúcháin fadréimseach ar bun chun tacú le forbairt na straitéise seo. Tá cuireadh tugtha don phobal i gcoitinne agus páirtithe leasmhara san oideachas, ina measc múinteoirí, oideoirí luathbhlianta agus tuismitheoirí, páirt a ghlacadh trí shuirbhé ar-líne.
Is féidir leat páirt a ghlacadh sa tsuirbhé ar-líne anseo
Is féidir freisin aighneacht a chur i ríomhphost chuig LNDLconsultation@h2.ie
Ba mhian leis an roinn próiseas cuimsitheach comhairliúcháin a threorú, agus glacfar le foirmeacha malartacha aighneachtaí. Téigh i dteagmháil le literacyandnumeracyretu@education.gov.ie más mian leat aighneacht a chur isteach i bhfoirm nach cáipéis í, nó chun tacú le duine ar mian leo a dtuairimí a chur in iúl.
Tá an comhairliúchán seo mar chuid de phróiseas níos leithne tuairimí a iarraidh ar cad is brí le litearthacht, uimhreacht agus litearthacht digiteach sa lá atá inniu ann. Tabharfar faoi sraith spriocdhírithe comharliúchán le páirtithe leasmhara, ina measc foghlaimeoirí luathbhlianta, daltaí bunscoile agus iarbhunscoile, ceannairí scoile agus múinteoirí, tuismitheoirí agus páirtí leasmhara ábhartha eile san oideachas, le déanamh cinnte go bhfuil réimse leathan daoine ar an eolas faoin gcomhailrliúchán agus go bhfuil deis acu a dtuairimí a chur in iúl. Mar aon leis seo, beidh ócáidí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus sraith chruinnuithe déthaobhacha le páirthithe leasmhara san oideachas.
D’fhéadfadh an plépháipéar thíos cabhrú leat aighneacht a chur isteach sa phróiseas comhairliúcháin.
Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití Comhairliúchán - Plépháipéar
Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020
I mí Iúil 2011, sheol an Roinn Oideachais an Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020 (an Straitéis). Sa straitéis, leagadh amach fís shoiléir chun caighdeáin sa litearthacht agus san uimhearthacht a ardú i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim (LFC), bunscoile agus iar-bhunscoile, faoin mbliain 2020.
Eagraíodh na gníomhartha sa straitéis thar shé cholún den chóras oideachais:
(i) Tuismitheoirí agus pobail a chumasú chun tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta na leanaí.
(ii) Feabhas a chur ar chleachtas gairmiúil múinteoirí agus cleachtóirí i gCúram agus Oideachas na Luathóige (COLÓ).
(iii) Cumas lucht ceannaireachta na scoile a neartú.
(iv) Feabhas a chur ar an gcuraclam agus ar an eispéireas foghlama.
(v) Cabhrú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu barr a gcumais a bhaint amach.
(vi) Feabhas a chur ar an measúnú agus ar an meastóireacht chun tacú le foghlaim níos fearr sa litearthacht agus san uimhearthacht.
San Athbhreithniú Eatramhach ar an Straitéis Náisiúnta: Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol (2011-2020) a foilsíodh in 2017, rinneadh cur i bhfeidhm na chéad chúig bliana a mheas. Breithníodh freisin raon torthaí taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta agus bhí próiseas comhairliúcháin thar raon leathan páirtithe leasmhara i gceist freisin. Léirigh an t-athbhreithniú eatramhach an dul chun cinn suntasach a rinneadh ó seoladh an straitéis in 2011, go háirithe maidir le hardleibhéal litearthachta a chothú do chách. Ina theannta sin, aithníodh na héachtaí agus na dúshláin agus díríodh aird ar chúig réimse ar cheart don straitéis aghaidh a thabhairt orthu sula bhfeictear an toradh i 2020.
Ba iad seo:
• tosaíocht agus treisiú do ghnóthachtálacha san uimhearthacht
• díriú ar leanaí agus daoine óga faoi mhíbhuntáiste oideachasúil
• litearthacht don Ghaeilge agus trí mheán na Gaeilge a threisiú
• scileanna litearthachta digití a fhorbairt agus a fheabhsú, agus
• comhordú agus comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara chun fáilte a chur roimh dheiseanna chun an teachtaireacht litearthachta agus uimhearthachta a atreisiú agus a acmhainniú.
Níor tháinig tuarascáil an athbhreithnithe eatramhaigh in ionad na straitéise (2011-2020). Lean an straitéis mar phointe fócais inár gcóras oideachais chun torthaí litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú go dtí 2020.
I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití
Tá roinnt príomhthosca a bheidh mar bhonn leis an Straitéis Náisiúnta nua deich-mbliana don Litearthacht, don Uimhearthacht agus don Litearthacht Digiteach. Beidh na heispéiris a bhain le cur i bhfeidhm Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol 2011-2020 mar bhunús leis seo. Is iad na tosca seo ná:
1. Tuismitheoirí agus pobail a chumasú chun tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta leanaí
2. Cumas cleachtas gairmiúil agus ceannaireacht mhúinteoirí agus oideoirí luathbhlianta a thacú
3. An curaclam agus an t-eispéireas foghlama a fheabhsú
4. Tacú le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu barr a gcumas a bhaint amach
5. Measúnú agus meastóireacht a fheabhsú chun tacú le foghlaim litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití níos fearr.
6. Litearthacht dhigiteach.
Chun an comhairliúchán a fheiceáil cliceáil ar an gcnaipe thíos.