Comhairliúchán Poiblí ar an Scéim Fóirdheontais Pá
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Is mian leis an rialtas a chinntiú go dtugtar tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo agus atá in ann obair a dhéanamh agus go gcuirfear ar a gcumas é sin a dhéanamh.
Chun é seo a dhéanamh, ba mhaith leis an rialtas do thuairimí a fháil maidir le conas an Scéim Fóirdheontais Pá a fheabhsú. Seol do thuairimí chugainn faoi 5pm Dé hAoine 21 Iúil.
Tugann an Scéim Fóirdheontais Pá íocaíocht ar a dtugtar fóirdheontas d'fhostóirí san earnáil phríobháideach chun an costas a bhaineann le daoine faoi mhíchumas a fhostú a laghdú. Tá sé mar aidhm ag an scéim cur ar chumas daoine faoi mhíchumas a bheith neamhthuilleamaíoch (féinchothaitheach) mar chuid den lucht saothair.
Íocann an scéim fóirdheontas le fostóir má tá na scileanna don phost ag fostaí faoi mhíchumas, ach mar gheall ar a m(h)íchumas, táirgeann sé/sí thart ar 20% níos lú saothair gcomparáid le fostaí nach bhfuil faoi mhíchumas a dhéanann an obair chéanna san am céanna a leithdháiltear.
Tá Carrie faoi mhíchumas agus oibríonn sí mar fhorbróir bogearraí i gComhlacht Néal, is féidir léi 10 líne de chód a scríobh i 3 uair an chloig.
Déanann Jessica, atá i gComhlacht Néal freisin, an obair chéanna. Níl sí faoi mhíchumas. Is féidir léi 12 líne de chód a scríobh i 3 uair an chloig. (20% níos mó ná Carrie).
Tá caighdeán an chóid a scríobhann Carrie agus Jessica mar an gcéanna, ach scríobhann Carrie níos lú línte mar go gcaithfidh sí éirí as a cathaoir go rialta de dheasca a deacrachta droma. Is féidir leis seo í a chur dá treoir rud a chiallaíonn nach féidir léi 12 líne a scríobh chomh tapa le Jessica.
Nuair a cháilíonn duine faoi mhíchumas don Scéim Fóirdheontais Pá, caithfidh a c(h)onradh fostaíochta a bheith mar an gcéanna le hoibrithe eile den chineál céanna.
Ag úsáid an tsampla thuas, caithfidh na téarmaí céanna a bheith ag Carrie agus Jessica ar nós laethanta saoire bliantúla (saoire), rátaí pá, agus mar sin de.
Caithfidh fad 21 uair an chloig ar a laghad a bheith leis an gconradh. Tá an rogha ag fostóir níos mó ná 39 uair an chloig oibre a thairiscint sa tseachtain, ach níl sé/sí ach i dteideal fóirdheontas ar 39 uair an chloig ar a mhéad a éileamh, agus chan níos mó ná sin.
Chun fostóirí a spreagadh chun níos mó daoine faoi mhíchumas a fhostú tá trí shraith fóirdheontais ann. Is féidir leis an bhfostóir tairbhe a bhaint as ceann amháin nó astu go léir ag an am céanna.
Don chéad bheirt a fostaíodh, tabharfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí fóirdheontas €6.30 san uair don fhostóir do gach fostaí faoin scéim.
Nuair a fhostaíonn fostóirí níos mó ná beirt faoi mhíchumas faoin scéim seo, íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí méid fóirdheontais níos airde leo. Ba cheart go gclúdódh fóirdheontas Sráith 2 na costais bhreise a bhaineann le níos mó ná beirt faoi mhíchumas a fhostú faoin scéim.
Íocfar Sraith 2 mar seo a leanas
3 fhostaí go 6 fhostaí faoi mhíchumas | breisiú fóirdheontais 10% | €6.93 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí |
7 bhfostaí go 11 fhostaí faoi mhíchumas | breisiú fóirdheontais 20% | €7.56 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí |
12 fhostaí go 16 fostaí faoi mhíchumas | breisiú fóirdheontais 30% | €8.19 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí |
17 bhfostaí go 22 fostaí faoi mhíchumas | breisiú fóirdheontais 40% | €8.82 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí |
23+ fostaí faoi mhíchumas | breisiú fóirdheontais 50% | €9.45 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí |
Nuair a fhostaíonn fostóirí líon 25 duine nó líon níos mó daoine faoi mhíchumas faoin scéim seo, íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí €30,000 leo in aghaidh na bliana chun cabhrú leo íoc as an gcostas a bhaineann le hOifigeach Cúnaimh Fostaíochta a fhostú. Íocfar €30,000 do gach grúpa de 25 fostaí. Is féidir le fostóir íocaíochtaí a fháil do 5 Oifigeach Cúnaimh Fostaíochta, ach ní do níos mó ná sin.
Comhlacht Néal, tá 48 fostaí fostaithe aige faoin Scéim Fóirdheontais Pá. Chiallódh sé seo go bhfaigheadh Comhlacht Néal €9.45 san uair agus €30,000 i dtreo an chostais a bhainfeadh le hOifigeach Cúnaimh Fostaíochta a fhostú.
Comhlacht Solas na Gréine, tá 50 fostaí fostaithe aige faoin Scéim Fóirdheontais Pá. Chiallódh sé seo go bhfaigheadh Comhlacht Néal €9.45 san uair ar gach uair a oibríonn gach fostaí scéime agus €60,000 i dtreo an chostais a bhainfeadh le beirt Oifigeach Cúnaimh Fostaíochta a fhostú.
Is é ról an Oifigigh Cúnaimh Fostaíochta tacaíocht agus cúnamh a thabhairt d'Fhostaithe de chuid an Fhóirdheontais Pá ina n-ionad oibre. Ba cheart go ndíreodh obair an Oifigigh Cúnaimh Fostaíochta ar chúinsí pearsanta, sóisialta, sláinte nó teaghlaigh na bhfostaithe faoi mhíchumas, a d'fhéadfadh bac a chur rompu a bpoist a choinneáil.
Léigh tuilleadh faoin Scéim Fóirdheontais Pá
Cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí fáilte roimh dhá phríomhghrúpa daoine a gcuid tuairimí a roinnt ach iad an suirbhé ábhartha thíos a chomhlánú:
Beidh gach freagra suirbhé glan gan ainm, ach d'fheadfadh go bhfoilseofaí gach tuairim ar ár láithreán gréasáin agus mar achoimre i dtuarascáil.
Is féidir aighneachtaí i scríbhinn ó dhaoine faoi mhíchumas, ó fhostóirí, ó ghrúpaí ionadaíocha agus ón bpobal i gcoitinne a chur isteach freisin.
Mura bhfuil teacht agat ar na suirbhéanna nó ar na haighneachtaí ar líne, tá an rogha agat ceann de na roghanna eile seo a leanas a roghnú:
WSS Consultation 2023 - People with Disabilities Survey
WSS Consultation 2023 - Employer's Survey
Sula seolann tú aon aighneacht, tá sé tábhachtach an fhaisnéis phríobháideachais thíos a léamh mar d'fheadfaí go bhfoilseofaí d'aighneacht ar gov.ie
Agus machnamh á dhéanamh ar an gcur chuige is fearr chun an Scéim Fóirdheontais Pá a leasú, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí dianscrúdú ar na freagraí go léir a fuarthas.
Bainfimid úsáid as na freagraí chun a fháil amach an bhfuil an scéim ag comhlíonadh a cuid aidhmeanna. Bainfimid úsáid as na moltaí maidir le hathruithe nó forálacha nua mar léargais chun oibriú na Scéime Fóirdheontais Pá amach anseo a mhúnlú.
Beidh gach freagra suirbhé glan gan ainm ionas nach féidir le duine ar bith tú a aithint. Mar sin féin, má tá sé i gceist agat aighneacht i scríbhinn a sheoladh, iarrtar ort an fhaisnéis phríobháideachta thíos a léamh.
Foilseoimid tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar gov.ie le hachoimre ar na haighneachtaí scríofa agus ar thorthaí an tsuirbhé.
Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 . Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí aighneacht i scríbhinn a fhoilsiú ina hiomláine. Iarraimid ort ár Ráiteas Príobháideachais a léamh.
Chun cabhrú linn do phríobháideachas a chosaint, d'iarrfaimis ort gan faisnéis a chur ar fáil a bheadh:
(Áirítear le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faisnéis maidir le praghsáil, brabúis, smaointe nua nó eolas íogair tionscail.)
Mar sin féin, má roghnaíonn tú faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a nochtadh,
Ainmnigh an t-ábhar go soiléir agus cuir in iúl dúinn:
D'fhéadfaimis iarratas a fháil chun aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus d'fhéadfadh go mbeadh orainn í a scaoileadh.
Sna cásanna seo, rachaimis i gcomhairle leat maidir leis an bhfaisnéis a bheadh pearsanta nó a shainaithníodh mar fhaisnéis a bheadh íogair ó thaobh na tráchtála de. Dhéanfaimis é seo sula socraímis:
Coinneoimid na haighneachtaí go gcríochnófar an próiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear cur i bhfeidhm aon mholtaí a nglactar leo.
Tá gach freagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:
Is é 5pm Dé hAoine an 21 Iúil an spriocdháta chun do shuirbhé nó d'aighneacht a sheoladh.
Ríomhphost: DCPolicyConsultation@welfare.ie
01 704 3606
Athbhreithniú SFP
An tAonad Polasaí um Míchumas agus Cúramóirí
Urlár a Ceathair
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Átha Cliath 1
D01 WY03
Wage Subsidy Scheme Review: Easy to Read