Comhairliúchán Poiblí i dtaobh Reifreann ar Thithíocht in Éirinn - Glao ar Aighneachtaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá tús curtha ag an gCoimisiún Tithíochta le comhairliúchán poiblí maidir le reifreann ar thithíocht.
I ndiaidh gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais agus i dTithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d'Éirinn, bunaíodh Coimisiún Tithíochta i Nollaig 2021. Clúdaítear i dTéarmaí Tagartha an Choimisiúin réimse leathan a bhaineann le cúrsaí tithíochta, agus ar cheann acu sin tá na saincheisteanna bunreachtúla casta atá ag teacht chun cinn sa réimse seo a bhreithniú agus foclaíocht chuí a mholadh do reifreann ar thithíocht.
Labhair raon de shaineolaithe as Éirinn agus de shaineolaithe idirnáisiúnta ag comhdháil an Choimisiúin maidir le Reifreann ar Thithíocht in Éirinn a bhí ar siúl ar an 10 agus 11 Bealtaine. Is gné thábhachtach eile é an comhairliúchán seo den chéim chomhairliúcháin in obair an Choimisiúin Tithíochta.
Cuirfidh na haighneachtaí ionchur sárluachmhar ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara ar fáil chun cuidiú leis an gCoimisiún an tasc atá aige comhairle neamhspleách a chur ar fáil don rialtas a dhéanamh.
Cuirfidh an chomhairle sin na cúinsí ríthábhachtacha a bheidh le breithniú i láthair chomh maith le moltaí a dhéanamh maidir leis an bhfoclaíocht chuí a bheidh le cur faoi bhráid an phobail i reifreann.
Cuirfear fáilte roimh ionchur ó gach páirtí. Áirítear orthu sin:
o earnáil na n-údarás áitiúil
o an earnáil phobail agus dheonach
o earnáil na tógála
o comhlachtaí gairmiúla bainteacha
Cuirfidh an Coimisiún Tithíochta fáilte anois roimh aighneachtaí maidir le cibé ar chóir reifreann a bheith ann faoi leasú bunreachtúil a thabhairt isteach maidir le tithíocht nó nár chóir, agus más cóir, cén leagan amach a d’fhéadfadh a bheith ar leasú bunreachtúil den chineál sin.
Ba mhaith leis an gCoimisiún an oiread daoine agus is féidir a spreagadh lena gcuid tuairimí a thabhairt sa suirbhé seo ar Reifreann ar Thithíocht in Éirinn.
Tá trí cinn de bhealaí ann chun do chuid tuairimí a thabhairt:
Meastar go mbeidh líon ard spéise sa phróiseas comhairliúcháin seo. Má tá tú chun aighneacht fhoirmeálta a dhéanamh (ar ríomhphost nó sa phost), cuidigh leis an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar do chuid príomhphointí trí d’aighneacht a choinneáil ag 2,500 focal ar a mhéad.
Cuir d’aighneacht ar aghaidh faoi Dé hAoine an 2 Meán Fómhair 2022.
Cuirtear in iúl do go dtiteann freagraí an tsuirbhé faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus an Acht um Chosaint Sonraí. Meabhraítear freisin go bhféadfaí liosta iomlán de na haighneachtaí a bheith mar aguisín in aon tuairisc a eascróidh as an bpróiseas comhairliúcháin. Sa chás seo, úsáidfear sonraí anaithnid, ainmneacha agus sonraí ríomhphoist san áireamh.
Ní mór ainm iomlán, (céadainm, sloinne) agus ainm na heagraíochta, más cuí, a bheith ar gach aighneacht a fhaightear. Ní ghlacfar le haighneachtaí nach bhfuil aon ainm orthu.
Coinníonn an Coimisiún an ceart aige féin gan glacadh le haighneacht má mheastar go bhfuil sí maslach nó neamhoiriúnach.
Leagtar amach sa ráiteas príobháideach mar a chuireann an Coimisiún Tithíochta prionsabail agus rialacha Cosanta Sonraí i bhfeidhm.
Comhairliúchán maidir le Reifreann ar Thithíocht in Éirinn (Ráiteas príobháideachais)
Chun an comhairliúchán a fheiceáil cliceáil ar an gcnaipe thíos.