Comhairliúchán poiblí maidir le dréachtreachtaíocht chun Acht Meabhair-Shláinte, 2001 a nuashonrú
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Sonraítear in Acht Meabhair-Shláinte 2001 cúram agus cóireáil daoine ag a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte a dteastaíonn cúram meabhairshláinte othar cónaithe uathu, agus leagtar béim ar leith ar nósanna imeachta le haghaidh coinneáil neamhdheonach. D’fhoilsigh Grúpa Saineolaithe a rinne athbhreithniú ar oibriú an Achta (a raibh comhairliúchán poiblí san áireamh ann freisin) tuarascáil ina raibh 165 moladh in 2015. Ba é a bhí á lorg i gcinneadh Rialtais a rinneadh in Iúil 2015 go mbeadh scéim ghinearálta bille á dréachtú chun an Acht Meabhair-Shláinte a leasú.
Tá ról ceannaireachta ag an Roinn Sláinte san athbhreithniú atá á dhéanamh ar an Acht Meabhair-Shláinte. Tá mionstaidéar déanta ag an Roinn ar an 165 moladh atá déanta i dtuarascáil 2015, reachtaíocht le déanaí na mBall Príobháideach cosúil le hAcht Meabhair-Shláinte (Leasú) 2018, i measc achtanna eile, Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015 agus daingniú 2018 Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Duine atá faoi Mhíchumas, i gcomhthéacs athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht Meabhair-Shláinte.
I mí Iúil 2019, sheol an Roinn dréacht tosaigh de scéim ghinearálta chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte chun a thuairim shaineolach a fháil. Chuir an Coimisiún aighneacht mhionsonraithe ar fáil don Roinn i Márta 2020. I ndiaidh na scéime ginearálta a athdhréachtú, i mí Lúnasa 2020, lorg an Roinn comhairle ó FSS, an príomhsholáthraí seirbhísí meabhairshláinte sa Stát. Chuir FSS a haighneacht deiridh ar fáil ag deireadh mhí Feabhra 2021.
Anois, is mian leis an Roinn cuireadh a thabhairt do bhaill den phobal agus do phríomhpháirtithe leasmhara aighneachtaí maidir leis an athbhreithniú ar an Acht Meabhair-Shláinte a chur ar fáil de réir na gceannteideal atá sonraithe i gcuid 4 thíos. Go dtí seo, bhí an scéim ghinearálta bunaithe ar na moltaí a rinneadh i dtuarascáil 2015 agus sa chomhairliúchán poiblí a bhain leis an tuarascáil, mar aon le rannpháirtíocht leanúnach leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus le FSS. Tá an Roinn airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le comhairliúchán poiblí agus tá an deis á tapú tuilleadh aighneachtaí a lorg ón bpobal agus ó phríomhpháirtithe leasmhara lena mbreithniú sa scéim ghinearálta, roimh chríoch a chur leis an scéim ghinearálta agus í a fhoilsiú sna míonna amach romhainn.
Tá an t-athbhreithniú ar an Acht Meabhair-Shláinte dírithe go príomha ar athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha reatha an Achta agus forálacha a uasdátú agus a chur leis i gcomhthéacs mholtaí thuarascáil 2015. Cé go bhfuil aitheantas á thabhairt don tábhacht a bhaineann le hábhar imní faoi mheabhairshláinte go ginearálta, saincheisteanna struchtúrtha cosúil le maoiniú agus soláthar foirne, tá aighneachtaí á lorg ag an Roinn atá laistigh de raon feidhme an Achta Meabhair-Shláinte go sonrach. Áirítear anseo an próiseas agus na nósanna imeachta a bhaineann le coinneáil neamhdheonach, cúram agus cóireáil gach duine aonair in ionaid cheadaithe, agus rialúchán agus clárúchán seirbhísí meabhairshláinte. Fáiltítear roimh aighneachtaí a bhaineann leis na ceannteidil sonraithe thíos i gcuid 4, nó le haon ábhar ar tarraingíodh aird air i dtuarascáil 2015 an Ghrúpa Saineolaithe. Ní féidir déileáil le haighneachtaí nach mbaineann le raon feidhme an athbhreithnithe ar an Acht Meabhair-Shláinte sa chomhairliúchán seo.
Roimh aon aighneacht a dhéanamh, athbhreithnigh an fhaisnéis príobháideachais thíos, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le foilsiú aighneachtaí. Más rud é, i ndiaidh duit é seo a léamh, gur mian leat aighneacht a dhéanamh, is féidir aighneacht a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
Is é an spriocdháta le haghaidh ceisteanna a chur, 5pm, Dé Céadaoin, an 24 Márta 2021. Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí a chur ar fáil 5pm, Dé Céadaoin, an 31 Márta 2021. Mar gheall ar shrianta ama, ní féidir aighneachtaí a fhaightear i ndiaidh an spriocdháta a bhreithniú.
Déantar cur síos níos mionsonraithe sa doiciméad treorach ar na ceannteidil faoina bhfuil aighneachtaí á lorg ag an Roinn. Seo a leanas na ceannteidil:
Bheadh an Roinn buíoch de dhaoine gan níos mó ná 300 focal a scríobh faoi gach ceannteideal.
Guidance document for Mental Health Act public consultation March 2021
Expert Group Review on the Mental Health Act 2015 report
Athbhreithneoidh an Roinn gach aighneacht a fhaightear nuair a bheidh an spriocdháta thart. Soláthróidh na haighneachtaí seo eolas don leagan deiridh de scéim ghinearálta an bhille. Os a choinne sin, tá súil ag an Roinn aighneachtaí a fhoilsiú agus tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú ina ndéanfar cur síos ar na príomhthéamaí sna haighneachtaí ar a suíomh gréasáin agus ar www.gov.ie
Tá súil ag an Roinn bailchríoch a chur ar scéim ghinearálta an bhille agus é a chur faoi bhráid an Rialtais lena ceadú i Ráithe 2 2021. Tarlóidh sé sin i ndiaidh an chomhairliúcháin phoiblí, a reáchtálfar comhthreomhar le hathbhreithniú dlíthiúil ar an scéim ghinearálta. Foilseofar an scéim ghinearálta nuair a bheidh sí ceadaithe ag an gComh-aireacht, agus ansin oibreoidh an Roinn le hOifig an Ard-Aighne chun an bille a ullmhú lena chur i láthair an Oireachtais.
Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta, a chuireann tú ar fáil don Roinn, de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, de réir Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus Acht um Chosaint Sonraí 2018. Tabhair aird ar an méid seo a leanas:
Tuigeann an Roinn go bhféadfadh an próiseas comhairliúcháin a bheith dúshlánach i gcás daoine áirithe, agus má theastaíonn tacaíocht ó dhuine ar bith ba cheart teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí seo a leanas:
Líne eolais YourMentalHealth – Saorghlao: 1800 111 888
Na Samáraigh – Saorghlao: 116 123
Pieta House – Saorghlao: 1800 247 247
Líne téacs géarchéime - 50808
Má theastaíonn tacaíocht aghaidh ar aghaidh uait déan teagmháil le do Dhochtúir Teaghlaigh, má theastaíonn cabhair uait ar bhonn práinne glaoigh ar 999 nó 112 agus déan iarratas ar sheirbhís otharchairr má theastaíonn cabhair ar bhonn práinne uait féin nó ó dhuine éigin eile.