Is príomhghealltanas é i gClár an Rialtais, Plean Bainistíochta Abhantraí treisithe nua a sheoladh chabhróidh le hÉirinn a timpeallacht uisce a chosaint, a fheabhsú agus a bhainistiú go hinbhuanaithe idir seo agus 2027. Tá sé riachtanach dea-cháilíocht an uisce inár n-aibhneacha, lochanna, inbhir agus farraigí a chinntiú ar mhaithe le foinsí uisce óil, timpeallacht agus caighdeán beatha phobal na hÉireann a chosaint. Cuirtear an plean i dtoll a chéile mar chuid de chur chun feidhme Chreat treoir Uisce (WFD) an AE. Reáchtáladh an comhairliúchán poiblí a bhain leis an Dréachtphlean Bainistíochta Abhantraí d'Éirinn 2022-2027 idir an 27 Meán Fómhair 2021 agus an 31 Márta 2022. I ndiaidh breithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí, na barúlacha agus na tuairimí a fuarthas i rith na céime sin, ullmhaíodh Plean Bainistíochta Abhantraí an Tríú Timthrialla (Plean Gníomhaíochta Uisce 2024).