Cé chomh slán is atá sé?
- Foilsithe: 10 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cé chomh slán is atá sé?
- Slándáil i dtaca leis an mBosca Poist Digiteach
- Tosaigh ag úsáid an Bhosca Poist Dhigitigh Inniu

Cé chomh slán is atá sé?
Tá do shlándáil agus do phríóbháideachas ríthábhachtach don Bhosca Poist Digiteach.
Ach úsáid a bhaint as MyGovID, is féidir leat a bheith cinnte go mbeidh do rochtain ar an mBosca Poist Digiteach sábháilte agus slán.
Slándáil i dtaca leis an mBosca Poist Digiteach
Maidir le do chuid teachtaireachtaí sa Bhosca Poist Digiteach, stóráiltear iad ar an láthair in ionaid sonraí shlána de chuid an Rialtais, agus baintear úsáid as na láthair in ionaid sonraí shlána de chuid an Rialtais, agus baintear úsáid as na huirlisí agus teicnící slándála is fearr amuigh. Agat féin amháin a bheidh rochtain ar na teachtaireachtaí seo, agus tá na teachtaireachtaí faoi do smacht go huile is go hiomlán – is féidir leat teachtaireacht ar bith a scriosadh am ar bith.
- Is bealach é an Bosca Poist Digiteach chun do chuid teachtaireachtaí Rialtais ar fad a fháil go slán agus go díreach agus cuireann sé slándáil níos fearr ar fáil ná post fisiciúil.
- Fíordheimhneofar rochtain ar an mBosca Poist Digiteach trí MyGovID. Ach úsáid a bhaint as MyGovID, agus a fhíordheimhniú déshraithe, id féidir leat a bheith cinnte go mbeidh do rochtain ar an mBosca Poist Digiteach sábháilte agus slán.
- Cripteofar do chuid teachtaireachtaí agus sonraí ar fad atá stóráilte sa Bhosca Poist Digiteach, rud a chuirfidh an chosaint is fearr amuigh ar fáil do do chuid sonraí.
Céard é MyGovID?
Is féidir logáil isteach ar na seirbhísí Rialtais go léir in Éirinn trí MyGovID agus tugann sé rochtain shábháilte ar líne duit ar an mBosca Poist Digiteach. Caithfidh cuntas MyGovID deimhnithe a bheith agat le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar do mBosca Poist Digiteach sábháilte agus slán nach mbeidh rochtain ag aon duine eile air. Tógadh MyGovID ón mbonn aníos agus bhí príobháideachas agus slándáil phearsanta ina chroílár ón tús.
Ach úsáid a bhaint as MyGovID, roinnfear na sonraí seo a leanas leis an mBosca Poist Digiteach:
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
- Ainm iomhlán
- Ríomhphost
- Guthán
- Dáta breithe
Ní roinnfear na sonraí pearsanta sa Bhosca Poist Digiteach le haon Chomhlacht Seirbhíse Poiblí. Tá níos mó eolais faoi seo ar fáil sa ráiteas príobháideachais.
Tosaigh ag úsáid an Bhosca Poist Dhigitigh Inniu
Is féidir logáil isteach ar na seirbhísí Rialtais go léir in Éirinn trí MyGovID agus tugann sé rochtain shábháilte ar líne duit ar an mBosca Poist Digiteach.
Caithfidh cuntas MyGovID deimhnithe a bheith agat le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar do Bhosca Poist Digiteach