English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Céard é an Bosca Poist Digiteach?


Céard é an Bosca Poist Digiteach?

An réiteach um sheachadadh slán poist le haghaidh teachtaireachtaí Rialtais.

Beidh do Bhosca Poist Digiteach tiomnaithe féin agat agus is agatsa amháin a bheidh rochtain air.

Tabharfaidh sé rochtain duit ar do chuid teachtaireachtaí Rialtais go léir in aon áit amháin atá sábháilte agus slán.

Sábháilte agus Slán Seachadadh tapa éifeachtúil
Ligeann sé duit do chuid teachtaireachtaí Rialtais tábhachtacha go léir a fháil agus a stóráil go slán sábháilte. Tá slándáil agus príobháideachas sonraí trí dhearadh ina chroílár agus baintear úsáid as na huirlisí agus teicnící slándála is fearr amuigh. Seachadfar do chuid teachtaireachtaí Rialtais ar an toirt agus beidh rochtain láithreach agat orthu. Seachadtar gach teachtaireacht i bhfíor-am. Ní chuirtear aon am amú ag fanacht le do chuid teachtaireachtaí dá bhrí sin, rud a fhágann go mbeidh seirbhís níos tapa agus níos éifeachúla agat.
Rochtain éasca Ní dhéanann sé dochar don timpeallacht
Tugann sé rochtain duit ar do chuid teachtaireachtaí go léir in aon áit amháin. Stóráiltear iad chomh fada agus is mian leat agus is féidir leat iad a eagrú agus a scriosadh de réir mar a roghnaíonn tú. Tá fáil air ó áit ar bith ag am ar bith, ar do ghuthán póca,ar do tháibléad agus ar do ríomhaire deisce. Beidh fáil ar do chuid cápéisí go léir go digiteach, rud a chuirfidh feabhas ar an lorg coise timpeallacht toisc go mbeidh níos lú páipéir á úsáid agus go mbeidh na hastaíochtaí CO2 níos ísle ná post traidisiúnta.
Fógraí ar an toirt Éasca Iena Úsáid
Faigh fógraí ar an toirt tríd an ríomhphost agus/nó SMS (agat féin an rogha) nuair a thagann teachtaireacht nua. Ní bheidh tú ag fanacht le litreacha a theact sa phost níos mó. Cuireann sé ar do chumas do chuid teachtaireachtaí a chuardach, a chut in ord is in eagar, a scagadh agus a eagrú ar an mbealach atá uait. Beidh do chuntas Bosca Poist Dhigitigh aonair féin agat agus tabharfaidh sé sin rochtain duit ar do chuid teachtaireachtaí Rialtais go léir in aon áit amháin,ar feadh chomh fada agus in mian leat.

Is rogha eile é an Bosca Poist Digiteach seachas post fisiciúil a sheachadadh.

Cuirfidh sé ar chumas Comhlachtaí Poiblí litreacha, teachtaireachtaí agus cáipéisí a sheoladh go leictreonach ar bhealach atá slán agus éifeachtúil ó thaobh costais de, agus tabharfaidh sé rochtain thapa, éifeachtúil agus éasca duit ar do phost go digiteach.

Is é an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a fheidhmíonn an Bosca Digiteach


Tosaigh ag úsáid an Bhosca Poist Dhigitigh Inniu

Is féidir logáil isteach ar na seirbhísí Rialtais go léir in Éirinn trí MyGovID agus tugann sé rochtain shábháilte ar líne duit ar an mBosca Poist Digiteach.

Caithfidh cuntas MyGovID deimhnithe a bheith agat le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar do Bhosca Poist Digiteach.