D’aistrigh Ionad Intreo na hInse i mBloc 1, Bóthar Chill Rois, Inis, Co. an Chláir gach seirbhís go Bloc 2, Bóthar Chill Rois, Inis, Co. an Chláir ar an Déardaoin, an 13 Aibreán 2023.
Is féidir leat teacht ar Sheirbhísí Leasa Pobail san Inis ach dul i dteagmháil le:
Seirbhís siúil isteach amháin. Níl gá le coinne.
Braithfidh na sliotáin ama atá ar fáil ar mhéid na scuaine agus ar uaslíon agallamh gur féidir a éascú go laethúil. D’fhéadfadh go mbeadh amanna feithimh fada i gceist.
Agus tú ag freastal ar an ionad, caithfidh tú na doiciméid chearta a bheith agat. Léigh le do thoil an t-eolas ar na doiciméid is gá duit a thabhairt leat.
Uaireanta Oscailte Siúil Isteach
Le haghaidh fiosrúcháin a bhaineann le CPS, déan teagmháil le do thoil le:
Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost, is féidir leat glaoch ar an Ionad Teagmhála Intreo Náisiúnta ar 0818 405060 agus seolfaidh an fhoireann ríomhphost pscennis@welfare.ie chun coinne a iarraidh ar do shon.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gá Cárta Seirbhíse Poiblí a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Le haghaidh iarratas ar cheadúnais tiomána, tabhair cuairt le do thoil ar shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.
Is iad na réimsí a gcuireann an oifig seo seirbhísí ar fáil dóibh ná: Inis agus na ceantair mórthimpeall lena n-áirítear Droichead an Chláir, Cora Chaitlín, Sionainn, Bun Raite, Cuinche, Croisín agus Fíoch Rua