Sonraí Bhallraíochta na mBord Stáit
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógrófar na folúntais sin ar shuíomh idirlín www.stateboards.ie .
De réir mar a thagann folúntais dhíreacha Aireachta chun cinn, iarrfaidh an tAire Oideachais léirithe spéise ó bhaill den phobal chun dul ar bhoird Chomhlachtaí agus Ghníomhaireachtaí Stáit atá faoi choimirce na Roinne
Chun spéis in a bheith ar aon cheann de na Boird Stáit sin a léiriú, níor mhór iarratas a dhéanamh trí Stateboards.ie .
Agus aon cheapachán díreach á dhéanamh ag an Aire, ní gá go ndéanfaí an ceapachán as measc iad siúd a léirigh spéis ach cinnteofar go mbeidh ag gach duine a cheapfar na cáilíochtaí cuí don phost. Maidir leis sin, féachfaidh an tAire don chomhlacht nó don ghníomhaireacht i dtrácht agus dá réimse ar leith cúraim srl, chomh maith le cinntiú go bhfuil ag baill an bhoird an meascán ceart scileanna agus taithí i réimsí ar nós an rialachais chorparáidigh, saineolas dlí, saineolas airgeadais (go háirithe acmhainn iniúchóireachta agus/nó measúnú tionscadail). D'fhéadfadh an tAire a chinneadh, ó am go chéile, gan gach folúntas atá ann a líonadh.
I gcás roinnt comhlachtaí agus gníomhaireachtaí, ní faoi lánrogha an Aire amháin a dhéantar ceapacháin an bhoird, cé gurb é an tAire a dhéanann iad. I gcásanna dá sórt, ainmníonn eagraíochtaí éagsúla daoine aonair lena gceapadh ag an Aire faoi mar a shonraítear i reacht ábhartha na gníomhaireachta lena mbaineann.
Beidh ar dhaoine a mholtar lena gceapadh mar chathaoirligh ar chomhlachtaí /gníomhaireachtaí Stáit teacht i láthair choiste Oireachtais sula gceapfaidh an tAire nó an Rialtas iad go foirmiúil mar chathaoirleach.
Foilseofar sonraí nua i dtaca le ceapacháin ar Bhoird Stáit atá faoi choimirce na Roinne seo anseo de réir mar a dheimhnítear iad.
Current Board Vacancy Details of Bodies under the aegis of the Department of Education
Last update 1 September 2022.
State Board Fees
Board Fees as of September 2022